Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

3:30 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní plean Rialtais atá i gceist anseo ach tuarascáil a cuireadh ar fáil.

Tá sé soiléir nach bhfuil cuid mhaith de na hoifigí poist beaga ag déanamh gnó ar bith nó tá fíor-bheagán gnó á dhéanamh acu. Tá daoine ag dul thar na hoifigí sin go dtí an baile mór. Tá siad ag déileáil le cúrsaí digiteacha freisin. Tá an tAire Stáit, Teachta Ó Rinn, ag déileáil le seo. An plean atá ag an Rialtas ná seirbhísí nua, cibé iad, a thabhairt do na hoifigí poist seo i dtreo is go mbeidh siad in ann gnó eile a dhéanamh dóibh féin.

Níl cumhacht ar bith againne ó thaobh na mbanc de. Chonaic mé an nuacht faoi dhúnadh Banc Uladh sa Tuaisceart agus in áiteanna ar fud na tíre. Ní hé an chéad bhanc a dhein é sin. Maidir le na hoifigí poist, foilseoidh an tAire Stáit, Teachta Ring, an tuarascáil seo agus beidh díospóireacht againn sa Teach. Tá gnó ann gur féidir le cuid de na hoifigí poist seo a dhéanamh. B'fhéidir nach gcuirfeadh sé cosc ar iad a dhúnadh ach ní dhéanfadh sé an gnó atá á dhéanamh acu a laghdú níos faide. Tá an Rialtas tuilteanach chuile chabhair a thabhairt dóibh is gur féidir as seo amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.