Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

3:30 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé ráite go soiléir sa chlár Rialtais go bhfuilimid ag iarraidh pobal rathúil sa chathair agus faoin tuath a thógáil. Ag éirí do mhuintir na tuaithe ar maidin, chuala siad na cinnlínte ar an nuacht go raibh se beartaithe níos mó seirbhísí bunúsacha a dhruidiú i gceantair tuaithe. Tá suas le 80 oifig phoist le druidiú, mar atá ráite sna cinnlínte. Tuigtear dúinn go bhfuil Ulster Bank ag amharc ar 30 banc a dhruidiú i gceantair tuaithe. Anuraidh dheimhnigh an Dáil go soiléir go bhfuilimid i gcoinne laghdú ar bith ar an líonra d'oifig an phoist agus i gcoinne seirbhísí ar bith a bhaint dúinn. Tá a fhios againn go bhfuil seirbhísí bus faoi bhagairt ag an phointe seo fosta. Tháinig mé faoi deara i bhfreagra ar cheist parlaiminte le déanaí go bhfuil sé beartaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim riar maith dá gcuid brainsí i gceantair tuaithe a reáchtáil ar bun coinne amháin. Is é sin go mbeidh siad ag druidiú an tseirbhís siúl isteach. Bhí tuairisc le foilsiú ag grúpa a láraigh an tAire Stáit, an Teachta Ring, maidir le hoifigí poist. Bhí siad ag rá go mbeidh na hoifigí poist mar chroílár an phobail agus go mbeidh ról tábhachtach acu ó thaobh imeachtaí sóisialta agus eacnmaíochta. Chuaigh na míonna thart agus níl an tuairisc sin foilsithe aige. Cén uair a bhfeicfimid beart de réir briathar ó thaobh ceantair tuaithe de?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.