Dáil debates

Tuesday, 29 November 2016

Priority Questions

Foireann Roinne

5:40 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ní ghlacaim leis an bhfreagra atá tugtha don Aire Stáit le tabhairt dom. Bhí a fhios ag an Roinn go raibh Máire Killoran ag imeacht sara imigh sí. Ní thuigim cén fáth nár réitíodh amach san am go raibh an Roinn ag fanacht go n-imeodh sí go raibh stiúrthóir na Gaeilge le bheith ag teastáil ar aon chuí . Ní thuigim cén ceist mhór a bhí le plé ag an Roinn Caiteachtais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le líonadh post an stiurthóra. Níl an tAire Stáit ag rá liomsa go m'bhféidir go gcuirfí deireadh leis sin agus go bhfágfaí rannóg na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán taobhach le príomhoifigeach amháin, rud atá tarlaithe.

Go bhfios domsa, gach aon lá ó mhí Eanáir seo caite agus sa tréimhse roimhe sin nuair a bhí fógra tugtha aici, bhí Rialtas in áit agus bhí dualgas ar an Rialtas sin cinnte a dhéanamh. Ní leithscéal ar bith é an olltoghchán. Chuile lá le bliain anuas, nuair a bhí a fhios ag an Roinn go raibh Máire Killoran ag imeacht, bhí Rialtas in áit. Cén fáth gur thóg sé bliain, nó geall leis, an post seo a líonadh nuair atá an oiread sin oibre le déanamh ó thaobh na Gaeilge de agus nuair atá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le cur in áit?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.