Dáil debates

Tuesday, 29 November 2016

Priority Questions

Foireann Roinne

5:40 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ó ceapadh mise mar Aire Stáit ar an 19 Bealtaine, bhí an post seo á líonadh. Bhí sé ar bharr mo liosta. Bhí me i dteagmháil go minic le feidhmeannaigh mo Roinne agus leis an Ard-Rúnaí. Bhí seisean i dteagmháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Rinne an Roinn sin cinneadh tar éis tamaill cead a thabhairt do mo Roinn dul ar aghaidh agus an post a líonadh. I rith an tréimhse roimh an olltoghchán, agus ina dhiaidh, ní raibh an Roinn sásta cinneadh mór a dhéanamh gan Rialtas nua curtha le chéile agus cinneadh déanta maidir leis an bpost seo agus leis an bpolasaí a bheadh ann.

Mar a dúirt mé, beidh an post líonta roimh an Nollaig agus beidh an duine ag obair ag tús na bliana agus ag dul ar aghaidh leis an obair tábhachtach atá le déanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.