Dáil debates
Tuesday, 29 November 2016
Priority Questions
Foireann Roinne
5:40 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Go bhfios dom, níl aon fholúntas in aon áit eile seachas iadsan i rannóg na Gaeilge. Ba í Máire Killoran stiúrthóir na Gaeilge ach tá folúntas ann don phost sin ó mí Eanáir 2016. Ansin bhí olltoghchán ann agus thóg sé am Rialtas a chur le chéile. Tharla sé sin i dtús mhí na Bealtaine. Ina dhiaidh sin, bhí orainn cead a fháil ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Ansin bhí an samhradh orainn. Rinneadh an cinneadh agus d'fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar an 9 Meán Fómhair 2016. Thóg sé am é sin a dhéanamh ach beidh an post líonta roimh an Nollaig. Aontaím leis an Teachta gur phost fíorthábhachtach é ó thaobh an straitéis 20 bliain agus Acht na dTeangacha Oifigiúla de agus beidh ról tábhachtach ag an duine sin as seo amach.
No comments