Dáil debates

Thursday, 13 October 2016

Topical Issue Debate

Scéim na gCúntóirí Teanga

5:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Mar atá ráite agam, is eol dom gur chuir an tAire Stáit an t-airgead chuig an eagraíocht inné. Tá sé seachtaine caillte ní hamháin ag na páistí seo ó thaobh cúntóirí teanga, ach fosta ag daoine sa Ghaeltacht a bheadh fostaithe dá mbeadh an scéim seo riaraithe mar is ceart. Níl sé maith go leor go raibh an moill sin curtha ar an scéim. Mar a dúirt mé, níl achan duine a bhí ag obair sa scéim sin anuraidh ar fáil i mbliana siocair an moill a cuireadh ar an scéim. Dúirt an tAire Stáit go gcuirfear an t-airgead ar fáil fá choinne an scoilbhliana 2016-17. Caithfimid cinnteacht a fháil i bhfad níos luaithe go mbeidh an tseirbhís seo ar fáil do na scoileanna ag tús mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn nuair atáimid ag tarraingt ar an scoilbhliain 2018-19. I mo thuairim, thug daoine taobh istigh den Roinn eolas contráilte don Aire Stáit maidir leis na scoileanna breise. Rinne an tAire Stáit plé mór fá dtaobh den ábhar seo nuair a d'fhógair sé, agus rud maith a bhí ann, go mbeadh 13 scoil bhreise páirteach sa scéim seo. Ní dúirt sé ina fhreagra inniu go mbeidh Pobalscoil na Rossan, Scoil Náisiúnta an Chéidigh, Scoil Náisiúnta Mhín na Gabhann agus Scoil Náisiúnta an Bhrocaigh agus an naoi scoil eile clúdaithe sa scéim seo. Níl ach €40,000 de dhíth. Fágfaidh mé mar seo é. Táimid ag caint ar €40,000 fá choinne na páistí agus na scoileanna seo. Is féidir an t-airgead sin a fháil taobh istigh den Roinn. Níl ach 26 seachtain fágtha. Iarraim ar an Aire Stáit a thuairim a thabhairt dúinn nuair a sheasann sé arís. An mbeidh na scoileanna breise clúdaithe?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.