Dáil debates

Thursday, 13 October 2016

Topical Issue Debate

Scéim na gCúntóirí Teanga

4:50 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Táim buíoch de na Teachtaí as an ábhar tábhachtach seo a ardú liom. Tá sé ardaithe freisin cheana féin ag mo chomhghleacaí, an tAire Stáit, Teachta Joe McHugh. Bunaíodh scéim na gcúntóirí teanga i 1999 chun an Ghaeilge a Iáidriú mar theanga Iabhartha i measc ghasúir bunscoile, go háirithe chun cuidiú le páistí nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomh-theanga acu nó páistí a dteastaíonn tuilleadh cabhrach uathu chun a nGaeilge a shealbhú. Is ar ghníomhaíochtaí a thugann deiseanna chun cur leis an teanga, nó é a shealbhú, go príomha a dhíríonn an scéim. Tógann sé san áireamh scéalaíocht, rannta, drámaí beaga, cluichí, srl. Is mar thacaíocht d’fhoireann teagaisc na scoile a bhíonn siad ag feidhmiú dá réir. Faoi láthair, má theastaíonn ó scoil páirt a ghlacadh sa scéim, ní mór do bhord bainistíochta na scoile iarratas a dhéanamh leis an eagraíocht atá i gceannas na scéime sa cheantar agus an Roinn a bheith sásta gurb í an Ghaeilge teanga teagaisc na scoile.

Mar go raibh an scéim ag díriú orthu siúd nach raibh mórán Gaeilge acu, bhí na scoileanna den tuairim nach raibh mórán buntáistí inti do chainteoirí líofa Gaeilge. Mar thoradh ar an athbhreithniú sin, déantar freastal ar leith ar na páistí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu agus cuirtear breis gníomhaíochtaí faoi leith ar siúl a chuireann le deiseanna saibhrithe teanga.

Cheadaigh mé suim de bheagnach €719,000 don togra seo le déanaí. Cé gur laghdú a bhí anseo ar an méid a ceadaíodh le dhá bhliain anuas, ní raibh aon ghearradh siar déanta ar an maoiniú don obair a dhéanann na cúntóirí féin. Is iad na costais riaracháin nach raibh clúdaithe san allúntas sin. Tuigtear dom anois áfach, ó Údarás na Gaeltachta, go bhfuil sé i gceist acu iniúchadh a dhéanamh láithreach ar struchtúr, maoiniú agus feidhmeanna Mhuintearas Teo. Sa chomhthéacs sin, tá cinneadh déanta agam airgead riaracháin a íoc leis an dá eagraíocht don scoilbhliain 2016-17 agus beidh na socruithe sin á chur i bhfeidhm Iáithreach. Tá súil agam dá bhrí sin go mbeidh na cúintóirí in ann dul i mbun oibre chomh luath agus is féidir.

Maidir le ceist na scoileanna breise atá luaite ag an Teachta, tá iarrtha agam ar oifig mo Roinne moltaí ina thaobh sin a chur faoi mo bhráid go luath. Tá mé sásta i bprionsabal cúnamh a chur ar fáil i gcás scoileanna breise ag lorg cúntóirí ach gach cás ar leith a bheith pléite agus aontaithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna ar dtús i gcomhthéacs athbhreithniú níos leithne ar an scéim. Is é sin an chaoi a oibríonn rudaí do chuile scoil.

Is fiú a luadh chomh maith go bhfuil moltaí polasaí don soláthar oideachais Ghaeltachta curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá bailchríoch á chur ar an obair sin faoi láthair agus súil go mbeidh sé foilsithe go luath. Tagann scéim na gcúntóirí teanga faoin mbrat seo agus tá sé aontaithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar athbhreithniú ar scéim na gcúntóirí teanga mar chuid den pholasaí nua seo. Ar ndóigh, bhí sé seo geallta i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.