Dáil debates

Thursday, 13 October 2016

Topical Issue Debate

Scéim na gCúntóirí Teanga

4:50 pm

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail) | Oireachtas source

Aontaím go huile is go hiomlán leis an méid atá ráite ag mo chomhghleacaí, an Teachta Pearse Doherty, fá dtaobh den scéim seo atá chomh tábhachtach don Ghaeltacht agus do na scoileanna éagsúla tríd an Ghaeltacht, go háirithe na cinn i mo chontae dhúchais féin, Dún na nGall. Tá sé tábhachtach do na cúntóirí teanga chomh maith agus ba cheart go mbeadh siadsan sna ranganna ag tús na míosa seo caite.

Cuireadh moill ar an bhfógra ón Aire Stáit. Nuair a rinne sé é i lár mhí Mheán Fómhair, dúirt sé go mbeidh scoile breise ann sa scéim. Dúírt sé é féin é ar Raidió na Gaeltachta agus eisean an Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht. I ndiaidh sin, dúirt duine gur botún a bhí ann agus nach raibh cinnteacht ar bith leis. Más botún a bhí ann agus muna raibh cinnteacht ar bith, rinneadh brachán ceart de seo. Tá súil agam go mbeidh dea-scéal aige inniu, go mbeidh an airgead breise ann chun an scéim a riaradh agus go mbeidh na scoileann breise, mar a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh, Pobalscoil na Rosann, Scoil Náisiúnta an Chéidigh, Scoil Náisiúnta an Bhrocaigh agus Scoil Náisiúta Mhín na Gabhann, san áireamh.

Táimid beagnach ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Beidh briseadh ag teacht ag deireadh na míosa seo agus is dóigh nach mbeidh páistí sna scoileanna go dtí an mhí seo chugainn. Beidh airgead á shábháil ag an Roinn agus b'fhéidir gurb é sin an fáth a cuireadh moill leis seo. Iarraim ar an Aire Stáit a chur in iúl dúinn inniu go mbeidh an scéim seo ag tosú go luath agus go mbeidh daoine á chur faoi agallamh do na ceithre scoil bhreise, chomh maith le scoileanna eile, b'fhéidir, má tá na daoine ar shiúl go dtí jabanna eile. Tá an scéim seo fíor-thábhachtach. Tá sibh ag caint faoi iniúchadh anois. Ceapaimse féin go bhfuilimid ag fáil luach ar ár gcuid airgid agus Muintearas Teo. ag rialú na scéime seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.