Dáil debates

Thursday, 13 October 2016

Topical Issue Debate

Scéim na gCúntóirí Teanga

4:50 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá áthas orm gur roghnaíodh an cheist seo. Tá sé curtha síos agam le coicíos anuas agus anois is féidir linn é a phlé. Mar atá a fhios ag an Aire Stáit, is scéim iontach tábhachtach é scéim na gcúntóirí teanga. Is é príomhchuspóir na scéime ná an Ghaeilge – ár dteanga dhúchais agus céad teanga an Stáit – a neartú mar theanga labhartha i measc aos óg na Gaeltachta. Tá an scéim riartha ag dá eagras thar ceann a Roinne. Is iad san Muintearas Teo agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo. Táim cinnte go n-aontóidh an tAire liom nuair a deir mé go ndéanann an dá eagras sin obair ar leith mar chuid dá ról chun an scéim seo a sheachadadh.

Ar ndóigh, agus táim ag labhairt mar duine as an Ghaeltacht, níl léamh nó scríobh nó inse béil ar cé chomh fóinteach agus tairbheach é scéim na gcúntoirí teanga agus níl aon dul as againn ach an cuidiú a thugann an tionscnamh do dhaltaí ón Ghaeltacht a aithint ó thaobh sealbhú na teanga agus cothú na Gaeilge.

An fhadhb atá ann, agus tá a fhios ag an Aire Stáit é go damanta maith, ná go bhfuilimid buailte leis an 13 Deireadh Fómhair agus níl an scéim i bhfeidhm go fóill. D'fhág an tAire Stáit go dtí mhí Mheán Fómhair chun an scéim a fhógairt. Ansan nuair a d'fhógair sé an scéim agus chuir sé an t-airgead ar fáíl do na heagraíochtaí, Muintearas Teo ach go háirithe, ní raibh airgead ar fáil fá choinne an scéim sin a riaradh. Tuigim go bhfuil sé sin ceartaithe anois ag an Aire Stáit agus go bhfuil airgead curtha ar fáil leis an scéim a riaradh. Caithfidh an tAire Stáit adhmháil, áfach, leis an moill a chuir sé ar an scéim anseo, go bhfuil postanna eile faighte ag daoine anois a bhí dí-fhostaithe nuair a bhí an scoilbhliain thart ag tús an tsamhraidh agus go mbeidh fadhbanna ann cúntóirí teanga a thabhairt isteach chuig chuid de na scoileanna seo.

Ceann de na fadhbanna móra atá fós ann ná gur fhógair an tAire Stáit ar Raidió na Gaeltacht go raibh 13 scoil bhreise le bheith páirteach sa scéim. D'fhógair sé go raibh Pobalscoil na Rossan, Scoil Náisiúnta an Chéidigh, Scoil Náisiúnta Mhín na Gabhann agus Scoil Náisiúnta an Bhrocaigh i mo chontae féin, Tír Chonaill, le bheith páirteach sa scéim úr. Chuir sé fáilte roimhe sin agus chuirimid uilig fáilte roimhe, ach níl sé ag cur fáil airgead ar bith go dtí seo chuig na heagraíochtaí leis an scéim sin a riaradh.

An cheist atá agam ar an Aire Stáit inniu ná seo. An bhfuil sé chun an €40,000 – sin an t-airgead atá i gceist agus sin €3,200 ar an mheán do gach scoil – do na 13 scoil sin sa dóígh is go mbeidh cúntóirí teanga sna scoile sin mar a d'fhógair sé seachtain ó shin ar Raidió na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.