Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements (Resumed)

 

3:20 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar dtús ba mhaith liom m'aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí ar an talamh, na heagraíochtaí a bhíonn ag déanamh na hoibre tábhachtaí ar son na teanga agus chun í a chur chun cinn, go háirithe na dreamanna deonacha sna ceantair Ghaeltachta agus lasmuigh den Ghaeltacht fosta, chomh maith leis na heagraíochtaí Stáit - Údarás na Gaeltachta, Muintearas agus Foras na Gaeilge, mar shampla. Tá dualgas mór agus freagracht mhór ar Fhoras na Gaeilge maidir le cúrsaí Thuaidh-Theas agus ba mhaith liom m'aitheantas a thabhairt do na daoine go léir atá ag obair in Údarás na Gaeltachta.

Bhí Teachta amháin ag tabhairt amach níos luaithe maidir le laghdú sa líon post sa Ghaeltacht ach bhí méadú ann sa bhliain a chuaigh thart. Fuair 500 duine poist i gceantair Ghaeltachta. Cruthaíodh 125 post breise i mo chontae féin cúpla seachtain ó shin, i nGaoth Dóbhair - i gceantair iargúlta, i gceantair i dtuaisceart Éireann, i dTír Chonaill. Tá deáscéal ag leanúint ar aghaidh agus ba mhaith liom mo bhuíochas agus m'aitheantas a thabhairt do ghach duine a bhíonn ag obair go dian dícheallach sna dreamanna éagsúla, macasamhail le hÚdarás na Gaeltachta agus le Muintearas fosta. Tá Muintearas ag obair go dian sna bunscoileanna i gceantair Ghaeltachta, maidir leis scéim na gcúntóirí teanga agus níor chuala mé aon rud fá dtaobh de na cúntóirí teanga inniu. Tá cuid mhór oibre déanta. Tá daoine nádúrtha atá ábalta Gaeilge a labhairt istigh sna scoileanna, gan chéim agus gan scileanna ón ollscoil, ach tá siad ábalta Gaeilge a labhairt agus comhrá a dhéanamh. Tá a gcroí san áit cheart.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na daoine sa dream Muintearas agus a macasamhail. Tá ról mór ag Conradh na Gaeilge, mar shampla. Is cinnte go mbíonn siad ag labhairt fá dtaobh de acmhainní. Bhí géarchéim i gceist sna blianta atá imithe thart. Cad chuige? Bhí géarchéim ann i ndiaidh an tréimhse ina raibh Fianna Fáil freagrach as an tír seo. Bhí an tír bocht agus de bharr sin, laghdaíodh buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó níos mó na €20 milliún sa bhliain 2007 go dtí €6 mhilliún cúpla bliain ó shin. Is é sin an fáth. Nil sé i gceist agam bheith i mbun díospóireacht pholaitiúil maidir leis an teanga inniu. Tá sé de dhualgas orainn uilig an obair seo a dhéanamh. Ní hiad Fianna Fáil, Sinn Féin, na Neamhspleáigh, Fine Gael ná an Rialtas amháin atá freagrach as an teanga. Tá achan duine sa tír seo freagrach as an teanga. Tá na daoine gan Gaeilge nach bhfuil ábalta an teanga a labhairt freagrach as an teanga fosta. Tá cuid mhór oibre ag dul ar aghaidh. Tá fuinneamh mór i measc an phobail. Tá rudaí dearfacha ag dul ar aghaidh sna ceantracha Gaeltachta, taobh amuigh den Ghaeltacht, sna Sé Chontae agus go hidirnáisiúnta. Tá cuid mhór daoine i mBostún, i Chicago, i Londain agus san Astráil ag amharc go dearfach ar an teanga.

Ba cheart dom aitheantas a thabhairt don Aire sinsearach, an Teachta Humphreys, mar gheall ar an gcomóradh atá a dhéanamh i mbliana. Tá cuid mhór oibre déanta sna bunscoileanna, ina measc na bunscoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá obair ó chroí á dhéanamh maidir le stair agus oidhreacht na tíre seo agus an teanga fosta. Tá sé de dhualgas ar gach éinne sa Teach seo - Teachtaí gan Gaeilge agus Teachtaí atá ábalta an Ghaeilge a labhairt - an obair seo a dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuilimid anseo inniu. Níl sé ar intinn agam páirt a ghlacadh in aon díospóireacht pholaitiúil ar an gceist seo. Tá an teanga san áit ina bhfuil sí faoi láthair mar thoradh ar na díospóireachtaí den chineál sin a bhí againn le blianta fada.

Is mian liom aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag obair sna coláistí samhraidh, ina measc Coláiste na Mumhan i gceantar an Teachta Ó Muineacháin, Coláiste Lurgan i gContae na Gaillimhe agus Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i mo chontae féin. Is dea-scéal é go bhfuil daoine ón Phacastáin, ó Mheiriceá, ó Londain agus as Albain ag freastal ar Ghleann Cholm Cille chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Cén fáth nach bhfuil achan duine sa tír seo ag foghlaim nó ag athfhoghlaim na Gaeilge? Tá barraíocht dul chun cinn á dhéanamh. Tá mé dóchasach maidir leis na acmhainní atá ar fáil agus leis an obair atá á dhéanamh ag dreamanna éagsúla, ar nós Gael-Linn agus Conradh na Gaeilge, chun cúrsaí a chur ar fáil agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá suim acu i bhfoghlaim nó athfhoghlaim na Gaeilge. Tá sé thar a bheith tábhachtach aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag obair sa chomhthéacs seo. Tá cuid mhór oibre déanta i gColáiste na bhFiann i gContae na Mí, mar shampla.

Ba mhaith liom labhairt faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i gceantracha taobh amuigh den Ghaeltacht. Thug mé cuairt ar Chluain Dolcáin, mar shampla, anuraidh. Bhí mé i gContae Luimnigh, i gContae an Chláir agus i gContae Loch Garman anuraidh fosta. Tá cuid mhór oibre ag dul ar aghaidh sna Gaelscoileanna agus na scoileanna nach bhfuil an stádas sin acu. Tá obair thábhachtach á dhéanamh sa mheánscoil i nGuaire, i gContae Loch Garman, mar shampla.

Ba chóir dom na daoine atá ag obair go dian sa Rialtas a lua chomh maith. Bhí caidreamh agus comhluadar mór agam le mo chuid oifigigh i Roinn na Gaeltachta nuair a bhí mé in oifig mar Aire Stáit na Gaeltachta. Ní gá aon cheist a chur i dtaobh tiomantas, díograis agus solúbthacht na daoine uilig sa Roinn maidir leis an teanga. Nuair a tháinig mé isteach sa Roinn bliain go leith ó shin, ní raibh mé ábalta an Ghaeilge a labhairt. Bhí na hoifigigh iontach solúbtha agus thug siad cuidiú mór dom. Tá sé iontach tábhachtach go bhfuil suim ag daoine gan Gaeilge sa tír seo agus sa Tuaisceart, san Astráil agus timpeall an domhain sa teanga.

Tá na coláistí samhraidh agus na mná tí iontach tábhachtach fosta maidir leis an teanga a chur chun tosaigh agus a choinneáil beo. Dá mbeadh airgead breise ann, bheadh sé tábhachtach tacaíocht a chur chuig na mná tí amach anseo. Tuigim go bhfuil airgead de dhíth ionas go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann postanna a chruthú. B'fhéidir go mbeidh €300 milliún breise ar fáil i gclár an Rialtais fá choinne Fiontraíocht Éireann agus Údarás na Gaeltachta. Tá acmhainní breise ann. Tá sé sin tábhachtach fosta.

Ba mhaith liom labhairt faoi pholasaithe eile. Ag deireadh na bliana seo caite, thosaigh mé an t-athbhreithniú ar an straitéis 20 bliain. B'fhéidir go mbeidh tuarascáil déanta faoi sin laistigh d'am gairid. Bhí comhairliúchán cuimsitheach i mbunscoileanna na Gaeltachta maidir leis an tumoideachas sna ceantracha sin, agus go háirithe an tacaíocht gur chóir dúinn tabhairt do pháistí sa chéad dhá bhliain sna bunscoileanna sin.

Mar focal scoir, níl aon cheist faoin tiomantas sa tír seo maidir leis an teanga, an cultúr nó an oidhreacht. Níl an fhreagracht ar aon ghrúpa, dream, páirtí nó Rialtas amháin. Tá ról mór againn uilig agus tá dualgas mór orainn uilig sa tír seo maidir leis an teanga a chur chun cinn. Aontaím leis an bpointe a rinne Teachta amháin maidir leis an dualgas atá orainn. Tá daoine áirithe a bhíonn ag seasamh suas agus ag tabhairt amach go comhsheasmhach le linn díospóireachtaí sa Teach seo, ach ní hé sin an bealach is fearr. Is é an bealach is fearr ná an dualgas mór atá orainn an teanga a choinneáil beo a chomhlíonadh. Tá obair thábhachtach de dhíth sa tír seo agus sa Teach seo chun an ceangal fite fuaite idir an teanga, an stair, an cultúr agus an dúchas a chaomhnú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.