Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements (Resumed)

 

3:30 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis seo cúrsaí Gaeilge a phlé sa Dáil inniu. Brathaim go bhfuil sé an-tráthúil, go háirithe anois nuair atá an Rialtas nua ag dul i mbun a chuid gnó. Brathaim go bhfuil atmaisféar an-bháúil ann do chúrsaí Gaeilge timpeall na tíre, ní hamháin i measc daoine sna scoileanna ach freisin lasmuigh den scoil. Tá an-éileamh i gcónaí i measc tuismitheoirí ar na Gaelscoileanna. Beidh breis is 100 duine ag dul isteach i naíonáin bheaga sa Ghaelscoil i mBaile an Chollaigh i mo Dháilcheantar féin i mbliana. Tá spás diúltaithe don mhéid céanna arís toisc nach bhfuil dóthain spáis sa scoil. Léiríonn sé sin an t-éileamh láidir atá i mbruachbhailte chathair Chorcaí. Fillfidh mé ar Bhaile an Chollaigh i gceann nóiméad. Tá sé soiléir go bhfuil atmaisféar báúil ann i measc an phobail. Nuair a déanadh staidéar Millward Brown, tuairiscíodh go raibh dhá thrian de dhaoine den tuairim gur chóir go mbeadh seirbhísí do mhuintir na Gaeltachta ar fáil trí mheán na Gaeilge. Ní haon ionadh é.

Nuair a dhein Fianna Fáil iarracht Rialtas a chur chun tosaigh cúpla seachtain ó shin, bhí an Ghaeilge go mór chun tosaigh inár aigne. Tá áthas orm go bhfuil gealltanas ann sa chomhaontú le Fine Gael go mbeidh airgead breise ar fáil i gcomhair cúrsaí Gaeilge. Bhí an Ghaeilge i gcónaí lárnach i gcúrsaí Fhianna Fáil. Nuair a rabhamar sa Rialtas cheana, chuireamar an straitéis 20 bliain chun cinn agus táimid fós meáite chun é sin a chur i bhfeidhm. Ag an am sin, bhí conspóid ag baint leis an sprioc go n-ardófaí an líon daoine a bhíonn ag labhairt na Gaeilge go laethúil ó 83,000 go dtí 250,000. Tá sé cinnte go bhfuil dúshlán ansin i gcónaí, ach caithfear spriocanna a leagadh síos agus tabhairt fúthu.

In 2003 thugamar isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur ar bhonn reachtaíochta den chéad uair ceart teanga atá sa Bhunreacht. Tá sé an-tábhachtach ról láidir an choimisinéara teanga a chothú chun go mbeadh sé ábalta cúrsaí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a chur i gcrích.

Braithim, mar sin féin, nach raibh an fuinneamh nó an dea-thoil chéanna ag an Rialtas deiridh. B'fhéidir neamhshuim nó drochmheas a bhí ann. Tá eisceachtaí agus tá suim, meas agus fuinneamh an Aire shóisearaigh soiléir. Is iontach é sin agus caithfí aitheantas a thabhairt dó, ach is amhlaidh go gcaithfí Aire sinsearach a bheith ag bord an Rialtais ag cur cúrsaí Gaoluinne chun cinn. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an Aire sinsearach ann chun cúrsaí straitéis an 20 bliain a chur i bhfeidhm agus chun ceannaireacht a léiriú ag bord an Rialtais. Tá sé tábhachtach go mbeadh áit a bheadh comhfhreagras an Rialtais ar fad agus go mbeadh an Rialtas ábalta é a tharraingt le chéile ag bord an Rialtais agus infheistíocht agus maoiniú a tharraingt ó na hAirí eile agus é a chur ina luí orthu cé chomh tábhachtach is a bheadh sé cúrsaí Gaoluinne a bhrú trí agus a thabhairt chun cinn ina Rannóga féin.

Do bhí buairt i gcónaí leis an Rialtas deireanach. Mar shampla, bhí easpa suime ann agus rudaí diúltacha á dhéanamh acu cosúil leis an deireadh leis an deich bpunt agus na scoláireachtaí gur lean é. D'fhéadfaí é a úsáid beagnach mar píosa slat tomhais sa Ghaeltacht cé chomh láidir a bhí nó nach raibh sé agus, gan dabht, níor aontaigh gach éinne go raibh an deich bpunt go maith mar slat tomhais. Ach tá sé sin imithe anois agus níl aon rud ina áit.

Cuireadh deireadh le toghchán Údarás na Gaeltachta agus ba mhór an chailliúint e sin mar bhris sé an nasc idir phobal na Gaeltachta agus an údarás, agus is beag ar sábhaladh in aon chor ansan ó thaobh airgid ann. Maidir leis an gcóras a cuireadh ina áit, tá contaetha níos lú ar nós an Mí, Port Láirge agus Corcaigh le suíocháin ar bhord an údaráis agus iad á roinnt eatarthu. Agus duine ag féachaint ar sin, fágann sé go bhfuil contaetha gan aon duine ar bhord an údaráis ar feadh tréimhse ceithre bhliain beagnach. Tá an baol ann agus tá gach cosúlacht go tharlódh sé sin ó thaobh Corcaigh agus amach anseo ó thaobh Phort Láirge agus an Mhí.

Gan dabht, do laghdaíodh maoiniú an údaráis ag an am céanna go raibh dualgais bhreise á chur chun cinn ar an údarás ó thaobh pleanáil teanga agus ag am cúlú eacnmaíochta nuair a bheadh breis fostaíochta ag teastáil. Braithim go bhfuil sé an-tábhachtach dá fhéadfadh an Aire agus ionadaithe an údaráis suí síos le chéile agus go mbeadh deis ag an Aire an obair tréan atá an údaráis á dhéanamh a fheiceáil agus go mbeadh deis ag an údarás é a chur i bhfeidhm uirthi cé chomh tábhachtach is atá sé breis airgid a chur ar fáil chuig an údaráis. Molaim don Aire bualadh le hionadaithe an údaráis más féidir in aon chor. Cabhródh sé go mór.

Cabhair maith a bheadh ann, más féidir é a chur i bhfeidhm le comhchoiste Dála, dá d'fhéadfaí cúrsaí Gaoluinne a chur chun cinn anseo sa Dáil nó san Oireachtas go forleathan agus i measc an Rialtais. Thaispéanfadh sé ceannaireacht. Tá deis iontach againn ansan.

Do luadh maoiniú arís agus arís eile anseo inniu agus tá an figiúr den €18 milliún breise luaite. Táim cinnte faoin tslí go cuirfeadh sé os cionn 1,000 post breise chun cinn agus chomh maith go thabharfadh sé borradh eacnamaíocha ó thaobh cúrsaí Gaoluinne.

Ní theastaíonn uaim an iomad am a chaitheamh le hairgead. Teastaíonn uaim díriú ar an chéad rud eile agus is é sin cúrsaí oideachais. Tá ról an-lárnach ag an gcóras oideachais agus ag an Aire Oideachais agus Scileanna agus iad ag obair le chéile leis an Aire Gaeltachta. Sna ceantair Ghaeltachta, má thógfaimid i dtosach na scoileanna beaga tuaithe go háirithe, áit a bheadh an daonra ag ísliú agus ar ardú agus go mbeadh baol i gcónaí ann go gcaillfí múinteoir, cuireadh sé sin brú ar aon bhunscoil timpeall na tíre. Ach, sna ceantair Ghaeltachta, tá freagracht nó pribhléid breise ag scoileanna Gaeltachta. Caithfidh an Aire suí síos agus féachaint ar an cóimheas daltaí ó thaobh na scoileanna Gaeltachta. Más féidir le scoil a thaispeáint go bheidh an daonra ag teacht thar nais suas arís i gceann bliain nó dhó, ba chóir go mbeidís ábalta an múinteoir a choiméad. Cabhródh sé go mór le scoileanna beaga tuaithe Gaeltachta. Táim ag smaoineamh, mar shampla, ar scoil i mo cheantar féin i mBéal Átha an Ghaorthaidh lena gcabhródh sé go mór, agus tá go leor eile timpeall na tíre.

Do luais cheana féin an Gaelscoil i mBaile an Chollaigh, áit a bhfuil 100 duine ag teacht isteach i rang na naíonán beag agus, leis an éileamh ollmhór atá ann, a bhfuil an líon céanna daoine nach bhfuil spás ar fáil dóibh. Tá sé soiléir go bhfuil an-ghá le múinteoirí breise agus scoileanna breise chun cabhrú ó thaobh Gaelscolaíocht de. Tá scoil nua i ndán do Bhaile an Chollaigh in 2017. Tá sé soiléir go bhfuil éileamh ann. Tá na figiúirí ann. Mar sin, molaim don Aire chun dul i bplé leis an Aire Oideachais agus Scileanna agus, más féidir, Gaelscoil eile a chur ar fáil do mhuintir Bhaile an Chollaigh atá ag taispeáint go bhfuil an éileamh ann. Tá na figiúirí ann cheana féin.

Anuas ar sin chomh maith, tá ábhar práinneach ann do Ghaelscoil Bhaile an Chollaigh i gcomhair mí Mheán Fómhair. De réir an staffing schedule atá ann, tá an daonra acu i gcomhair múinteoir breise ach níl an Aire Oideachais agus Scileanna ag ceadú múinteoir breise don scoil. Sin in ainneoin go bhfuil an daonra acu de réir an staffing schedule. Molaim don Aire Oideachais agus Scileanna agus don Aire Gaeltachta suí síos le chéile agus an múinteoir breise a thabhairt agus a cheadú don Ghaelscoil i mBaile an Chollaigh chun go mbeadh an scoil ábalta freastal ar na scoláirí agus ar an éileamh ollmhór atá ann, agus tá sé soiléir ós na figiúirí go bhfuil sé ann.

Mar fhocal scoir, tá sé an-tábhachtach go bheadh an atmaisféar báigiúil ní hamháin timpeall na tíre ach laistigh den Rialtas agus go gcuirfí na hacmhainní atá ag teastáil ar fáil do na húdaráis éagsúla chun dul i mbun a ngnó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.