Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements (Resumed)

 

3:20 pm

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ceart go leor. Tá mé sásta é sin a chloisteáil, ach de ghnáth bíonn siad anseo.

Is minic a chuirtear an cheist ar Ghaeilgeoirí: "Cad é staid na teanga faoi láthair agus cé chomh láidir agus sláintiúil is a bhfuil sí?" Ní fuirist an cheist sin a fhreagairt. Tá gnéithe fíor-dhearfacha ann faoin Ghaeilge agus go leor ábhar imní ann freisin. Gach seans, nuair a bheidh foirmeacha an daonáirimh bailithe, go bhfeicfear go bhfuil borradh tagtha arís ar líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu, mar a bhí le feiceáil sa daonáireamh deireanach, le breis is milliún duine a dúirt go raibh roinnt Gaeilge acu. Tá ábhar eile dóchais ann chomh maith. Is léir go bhfuil éileamh ollmhór ann don ghaelscolaíocht.

Ní amháin sin, ach tá glúin nua de ghníomhaithe óga atá dochreidthe paiseanta faoin teanga agus atá ag croílár go leor imeachtaí agus ócáidí den scoth. Tá an ghluaiseacht seo - más oiriúnach an téarma é sin - feiceálach go háirithe sa chathair seo. Go pointe áirithe, d'fheadfaí a rá gur toradh é ar fhorbairt na nGaelscoileanna agus Gaelcholáistí le glúin no dhó anois, ach sílim go bhfuil níos mó ná sin ag baint leis. Mar shampla, chonac gur bhuaigh Na Gaeil Óga gradam an Ard-Mhéara le deánaí. Gabhaim mo chomhghairdeas leo. Is iontach an scéal é an dul chun cinn atá déanta acu in achar gairid bliana. Feicim níos mó oícheanta ceoil, scéalaíochta, filíochta agus grinn á eagrú agus ceol nua-aimseartha á chumadh trí Ghaeilge. Rinne Conradh na Gaeilge iarracht féile cheoil a eagrú an samhradh seo dírithe ar na mílte daoine óga a thógáil le chéile. Cé nár éirigh leis i mbliana, tá súil agam go gcuideoidh an tAire agus an Roinn le cinntiú go n-éireoidh leis na hiarrachtaí sin sa todhchaí.

Tá na daoine óga seo mar cheann de na hábhair dóchais is mó a bhaineann leis an teanga. Tá siad fuinniúil, cruthaitheach agus díograiseach. Ach ní féidir a shéanadh ach an oiread go bhfuil go leor ábhar imní ann chomh maith, ach go háirithe i dtaobh an teanga mar theanga an phobail sa Ghaeltacht. Ní féidir neamhní a dhéanamh de thuairiscí agus firicí a léiríonn go bhfuil sí i mbaol i ndáiríre, agus staitisticí an staidéir chuimsithigh theangeolaíoch, agus a leithéad sin, le feiceáil.

Ní chiallaíonn na gnéithe dearfacha de staid an teanga gur chóir beag a dhéanamh de na fadhbanna agus na cúiseanna imní; ná a mhalairt ach an oiread. Is léir go bhfuil go leor daoine sa tír le Gaeilge ar mhaith leo an deis a thapú a chuid Gaeilge a úsáid, ach nach bhfuil na deiseanna acu. Caithfimid tacú le na heagraíochta, le maoiniú i measc rudaí eile, atá ag eagrú a leithéad de imeachtaí. Tá go leor infheistíocht ag teastáil ón nGaeltacht freisin ó thaobh phleanáil teanga, bonneagar pobail agus cuidiú leis na comharchumainn. Ní mór dúinn a bheith airdeallach go bhfuil gá le forbairt pobail agus le pleanáil teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht, agus nach mar an gcéanna iad. Tá gá tacú leis an dá rud: an fhorbairt pobail agus an pleanáil teanga. Ní chóir go mbeadh an ualach sin ag titim ar na daoine céanna i gcónaí.

Cuidím le héilimh phobal na Gaeilge, atá ag lorg €18 milliún breise sa bhliain don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó 2016 amach. I measc na n-éileamh, tá éileamh ann go mbeadh Aire sinsireach Gaeilge agus Gaeltachta sa Rialtas. Laghdaíodh an maoiniú do Fhoras na Gaeilge agus do Údarás na Gaeltachta ó €45 milliún i 2008 go €22 milliún i 2015, in ainneoin gur dúradh go raibh deireadh leis an déine le linn an cúpla buiséad deireanach. Sa bhuiséad is déanaí ach go háirithe, bhí ciorraithe ann arís do bhuiséad an Fhorais. Bhí sé sin mar laghdú carnach de 12% thar trí bliana.

Ag an am céanna bhí eagraíochtaí cosúla, faoin Roinn céanna, tar éis meadú a fháil ar a gcuid maoiniú. Mar iarchomhalta boird den fhoras, chonac féin an tionchar a bhí ag na ciorruithe seo thar na blianta ar chumas an fhoras a chuid aidhmeanna a bhaint amach agus cláir a rith. Chuir na ciorruithe buiséid srian dochreidthe ar ár gcumas an scéim phobail Gaeilge a leathnú. Ba scéim tábhachtach í a raibh tionchar an-suntasach aici ar phobal a bhí ag iarraidh an Ghaolainn a chur chun cinn, sa Tuaisceart agus sa Deisceart. Chuir siad srian orainn é sin a leathnú mar ba mhian linn, cé go raibh an scéim fíorluachmhar. Bhí ar an bhforas laghdú a dhéanamh ar an mbuiséad de beagnach gach clár, in ainneoin an éilimh mhóir a bhí ann do go leor de na cláir sin agus in ainneoin na n-iarratas a bhí faighte againn maidir le féilte, pobail Gaeilge, scríbhneoirí Gaolainne, filí, iriseoirí, cumainn agus eagraíochtaí Gaeilge, agus eile. Caithfear deireadh a chur leis an slad a rinneadh ar mhaoiniú na n-eagraíochtaí Gaolainne agus Gaeltachta agus méadú suntasach a dhéanamh ar an maoiniú. Tá ciall eacnamaíoch leis seo freisin: de réir an chonartha, d'fheadfaí thart ar 1,160 post a chruthú leis an maoiniú breise de €18 milliún. Tá súil agam go mbeidh an Rialtas seo, agus an Dáil seo, níos fearr ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de, ná mar a bhí an Rialtas deireanach.

Ní hé go bhfuil raidhse ama againn: tá sé bhliain den straitéis 20 bliain caite cheana féin, agus is ar éigin go bhfuil pioc de curtha i bhfeidhm, agus is beag ama gur thug an staidéar cuimsitheach don Ghaolainn mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Tá dualgas fíorthábhachtach orainn go léir dul i ngleic leis an dushlán atá os ár gcomhair, agus táim ag súil le mo chuidse a dhéanamh. Guím gach rath ar an Aire, an Teachta Mhic Unfraidh, agus ar an iar-Aire Stáit, an Teachta McHugh, má tá sé chun leanúint ar aghaidh sa phost, nó ar phé duine a bheas ina Aire nó ina hAire.

Mar a dúras ag an dtosach, tá ábhar dóchais ann, ach tá go leor ábhar imní ann freisin agus is dóigh liom go ndearnadh faillí le cúpla bliain anuas. Bhí ciorruithe suntasacha ann. Chonac féin san fhoras é agus chonaic go leor daoine eile freisin an tionchar a bhí ag na ciorruithe sin. Caithfear deireadh a chur leis na ciorruithe sin agus caithfear a thuilleadh maoiniú a chur isteach ins an nGaolainn agus ins an nGaeltacht agus ins na pobail atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.