Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

1:20 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl mórán ama agam so díreoidh mé ar chúpla pointe. Ar dtús báire, tá go leor ráite fá dtaobh den fhadhb atá againn agus sin nach bhfuil Aire sinsearach ansin. Sin fadhb millteanach mhór. Ba chóir go mbeadh Aire sinsearach freagrach as an nGaeilge agus as an nGaeltacht ag leibhéal Rialtais agus go mbeadh éilimh na gceantar sin agus éilimh i nGaeilge á chloinsteáil ag na hAirí eile. Níl sin ann agus is scannal é sin. Ní mhiste go bhfuil Aire Stáit againn agus gur éirigh leis an Ghaeilge a fhoghlaim agus feabhas a chur ar an nGaeilge a bhí aige le linn an phróisis sin.

Is tig linn labhairt fá dtaobh den tábhacht leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus an stair atá baint leis an méid a bhí ráite ag Pádriag Mac Piarais is a leithéid mar sin, ach tuigfimid uilig sin. Deir achan duine sa Pharlaimint seo - achan duine atá tofa - ar a laghad go bhfuil siad báúil leis an Ghaeilge. Ar a laghad, deir siad go bhfuil siad ag iarraidh athbheochan na Gaeilge a fheiceáil. So is é an rud a chaithfimid a díriú air ná cad é atá muid chun a dhéanamh fá dtaobh dá sin.

Caithfimid amharc ar chuid de na fíricí. An fíric is tábhachtaí a chaithfidh an Rialtas éisteacht leis agus déileáil leis ná go bhfuil an tromlach de na Teachtaí Dála a fuair tofa san toghchán deireanach i mí na Feabhra ag tabhairt tacaíochta d'éileamh Chonradh na Gaeilge agus an líon mór eagraíochtaí Gaeltachta amuigh ansin agus gur thug 55% de na Teachtaí Dála atá tofa sa Dáil seo geallúint do na ghrúpaí sin agus do Chonradh na Gaeilge go gcuirfidh muid i bhfeidhm na moltaí a chuir muid ar a n-ainm leo. Lena chois sin, tá Aire sinsearach ag bord an Rialtais a thug an geallúint sin agus is dócha go mbeidh, ar a laghad, Aire sóisearach - Aire Stáit - fosta.

An rud a iarraim-se ar an Aire agus í ag éisteacht go cúramach liom inniu ná ba chóir di, ar a laghad, nuair atá na ráitis seo thart, seasamh suas agus a rá go gcuirfidh an Rialtas i bhfeidhm na moltaí a chuir muid ar a n-ainm. Ciallaíonn sé sin, agus cuirfidh mé deireadh leis ag an phointe seo, €18 milliún sa bhreis a chaitheamh an bhliain seo againn. Sin €18 milliún as €800 milliún atá muid ag ghlac caitheamh sa cháináisnéis sin. Sin tús maith agus, mar a deirtear san seanfhocal, tús maith leath na hoibre. Fágfaidh mé ansin é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.