Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

1:20 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein) | Oireachtas source

Leanfaidh mé ar aghaidh mar sin. Táim sásta an deis seo a fháil chun labhairt ar an nGaeilge cé go bhfuil fíor-dhíoma orm gur ghlac sé an méid seo ama an seans seo a fháil. Tá Sinn Féin tiomanta an Ghaeilge a thabhairt ar ais mar theanga labhartha in Éirinn agus a hardréim a athbhunú i sochaí iltheangach. Athnaíonn muid gur seod í ár dteanga agus ár gcultúr Gaelach agus caithfear í a chaomhnú. Tá dul chun cinn déanta ó thaobh bunú naíonraí, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fud fad na tíre, ó Thuaidh agus ó Theas. I mo chontae féin - chontae an Aire freisin - tá an Gaeloideachas ag dul ó neart go neart. Tá trí Ghaelscoileanna agus Gaelcholáiste den chéad scoth againn anois. Níos lú na 30 bliain ó shin ní raibh scoil ar bith trí mheán na Gaeilge againn. Is iontach an rud é an t-am atá inniu ann. Ach tá níos mó le déanamh. San am atá amach romhainn, ba chóir níos mó béime a chur ar oideachas lán-Ghaelach i ngach scoil sa tír. Tacaíonn Sinn Féin le tumoideachas ag gach leibhéal sa chóras oídeachais, go háirithe an luath-tumoideachas.

Ba mhaith liom díriú ar chúrsaí teanga ó Thuaidh. Tá an Gaeloideachas faoi mór-éileamh agus Gaeilge flúirseach ag an-chuid daoine sna Sé Chontae. Ach fós tá cearta daonna lucht labhartha na Gaeilge sa Tuaisceart á dhiúltiú. Le linn Chomhaontaithe Chill Rimhinn, dhaingníomar tiomantas d'Acht na Gaeilge a thabhairt isteach chun cosaint a dhéanamh ar chearta Gaeilgeoirí sna Sé Chontae. Tá sé seo fós le déanamh. D'oibrigh, agus táim cinnte go n-oibreoidh arís, mo chomhghleacaí sa Tuaisceart, Carál Ní Chuilín, go dian ar an cheist seo. I mí Mhárta 2016, áfach, vótáil na hAontachtaithe i gcoinne Acht na Gaeilge san Fheidhmeannas. Tá an dualgas ar Rialtas na hÉireann agus ar Rialtas na Breataine a chinntiú go dtabhfar an tiomantas seo chun críche. Caithfear tacaíocht a thabhairt don fheachtas sin láithreach agus cothrom na Féinne a bhaint amach do phobal na Gaeilge ó Thuaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.