Dáil debates

Tuesday, 8 December 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

2:40 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cinnte nach bhfuil freagra fós faighte agam maidir le cathain a bheidh an t-athbhreithniú thart. Agus an t-athbhreithniú ar siúl, mar atá sé anois, an féidir leis an Aire Stáit moladh a dhéanamh maidir le daonfhlathas san údarás agus go mbeadh toghchán ann? Faoi láthair, tá baill an údaráis roghnaithe ag an Aire agus an Rialtas agus ról ag cuid de na comhairlí contae freisin chun baill a ainmniú. Ní dóigh liom, áfach, go bhfuil an ceangal céanna ann idir an údarás agus muintir na Gaeltachta nuair nach mbíonn toghchán ann. Nuair a bhíonn cruinniú poiblí ann le húdarás tofa, is féidir leis na baill ceisteanna a chur ar son mhuintir na Gaeltachta. Tá a lán dúshlán ann do mhuintir na Gaeltachta agus ceisteanna ann maidir le cúrsaí oideachais, sláinte, bóithre agus, ar ndóigh, cúrsaí Gaeilge.

Chuir mé cúpla ceist ar an Aire Stáit faoin aersheirbhís go dtí Oileáin Árainn. D'fhéadfadh díospóireacht a bheith ann leis an údarás maidir leis sin chomh maith. B'fhéidir le húdarás tofa go mbeifear in ann níos mó a dhéanamh don Gaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.