Dáil debates

Tuesday, 8 December 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

2:35 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím le tuairimí an Teachta fá choinne an dea-scéal atá ar siúl sna ceantair Ghaeltachta. Tá an t-údarás freagrach as an dea-scéal. Chonaic mé an dea-scéal sin an tseachtain seo a chuaigh thart i mBéal an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo. Bhí cúrsa traenála úr ar siúl agus beidh comhpháirtíocht ann idir an bord oideachais agus oiliúna, Muintearas agus Údarás na Gaeltachta, agus tá dea-scéal ar siúl. Aontaím le tuairimí an Teachta fá choinne na sároibre atá déanta ag an údarás agus an obair atá ag dul ar aghaidh.

Chomh maith leis sin, bhí laghdú mór ann sa bhuiséad chaipitil thar na blianta, mar a dúirt an Teachta. Bhí laghdú €26 milliún ann thar na blianta agus chonaiceamar laghdú chuig €6 milliún anuraidh. Fuair mise cúpla milliún euro breise anuraidh agus chonaiceamar an figiúr €6 milliún arís i mbliana. Táim ag fáil acmhainní breise fá choinne sin. Maidir leis an gceist, tá suas le 80 duine ag obair go dian dícheallach in Údarás na Gaeltachta agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d'achan duine atá ag obair go dian. Bíonn siad faoi bhrú ó am go ham ach tá an ceantar níos láidre, ó Thír Chonaill go Chiarraí go Phort Láirge go Chontae na Mí, Gaillimh, Maigh Eo agus Corcaigh fosta. Tá dea-scéal ar siúl. Tá siadsan faoi bhrú. Níl an tuarascáil críochnaithe.

Níl aon chinneadh déanta fós agus tá an bunphlé idir mo Roinn agus an údarás ag dul ar aghaidh agus ní maith liomsa cur isteach ar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.