Dáil debates

Tuesday, 8 December 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

2:40 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá ról mór ag Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí sláinte, oideachais agus pleanáil teanga a chur i bhfeidhm do mhuintir na Gaeltachta. Dúirt mé go mbeidh suas le 80 duine fostaithe san údarás. Tá an t-údarás ag obair ar chúrsaí turasóireachta ar nós Slí an Atlantaigh Fhiáin fosta. Tá achan rud ag dul ar aghaidh. Bhí na daoine uilig i gceantair Ghaeltachta ar nós an Ghaillimh agus Gaoth Dóbhair i dTír Chonaill ag lorg postanna breise i bpáirceanna gnó. Labhair an Teachta Kitt fá dtaobh de leathanbhanda i gceantair Ghaeltachta. Tá plé ar siúl anois idir mo chuid oifigigh agus Údarás na Gaeltachta maidir leis an dea-scéal a bheidh ann. Tá leathanbhanda de dhíth i bpáirceanna gnó agus iad ag lorg comhlachtaí nua ann.

Tá deiseanna ann sa Ghaeltacht. Tá na daoine sna háiteanna iargúlta seo i gCiarraí, i gConamara nó i dTír Chonaill ina gcónaí in áiteanna breátha chun a bpáistí a thógáil. Beidh seans agus deiseanna ann comhlachtaí agus postanna breise a mhealladh do cheantair Ghaeltachta agus tá an t-údarás ag obair go dian ina leith. Bhí oifigigh agamsa i dteagmháil le comhlachtaí agus b'fhéidir go mbeidh dea-scéal ann maidir leis na díopóireachtaí atá ar siúl idir Údarás na Gaeltachta agus na comhlachtaí breise sin, ina measc comhlachtaí atá lonnaithe lasmuigh den tír. B'fhéidir go mbeidh dea-scéal ann amach anseo maidir leis sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.