Dáil debates

Thursday, 12 November 2015

Other Questions

Pleananna Teanga

10:30 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an bhfreagra sin. Tá áit lárnach ag pleananna teanga in Acht na Gaeltachta. Cuirim fáilte roimh ráiteas an Aire Stáit faoin dul chun cinn atá déanta. Tá na pleananna tábhachtach ó thaobh thodhchaí na gceantar Gaeltachta. An bhfuil aon phlean críochnaithe fós? An bhfuil an tAire Stáit sásta leis an bpróiseas atá ann chun na pleananna a ullmhú? An bhfuil sé sásta go bhfuil comhoibriú ann sna ceantair agus limistéir Ghaeltachta idir na páirtithe éagsúla? An bhfuil na grúpaí go léir ag comhoibriú sa phróiseas seo? An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil dóthain airgid ag Údarás na Gaeltachta? Tá sé seo fíor-thábhachtach chun cuidiú leis an bpróiseas agus na pleananna a ullmhú. An aontaíonn an tAire Stáit go gcaithfí an méid airgead atá ar fáil don Údarás a mhéadú chun na pleananna go léir a chríochnú agus foireann a fhostú chun tacú le bunú agus chur i bhfeidhm na pleananna teanga? An gceapann an tAire Stáit go dteastaíonn tuilleadh airgid ó Údarás na Gaeltachta chun na rudaí seo a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.