Dáil debates
Thursday, 12 November 2015
Other Questions
Pleananna Teanga
10:30 am
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá an t-airgead tábhachtach. Chomh maith le san, tá cuid mhór obair ar siúl ar an talamh le dreamanna éagsúla, go mórmhór dreamanna deonacha. É sin ráite, chuir mo Roinn allúntas de €200,000 ar fáil d'Údarás na Gaeltachta le dhá bhliain anuas chun cabhrú le cur i bhfeidhm an phróisis sa Ghaeltacht. Sa bhuiséad i mbliana, leis an gciste de €1 milliún a bheidh ar fáil, bhí Vóta mo Roinne do 2016 agus airgead ar fáil don straitéis 20 bliain. Tá muinín agam go mbeidh dóthain acmhainní ar fáil chun cinntiú gur féidir leanúint le cur i bhfeidhm chóras an phróisis pleanála teanga. Aontaím gurb é an rud is tábhachtaí ná na hacmhainní atá ar fáil chun pleananna a chur i bhfeidhm. Gabhaim m'aitheantas le hachan dream ar an talamh, ina measc Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Tá comhrá mór ar siúl. I mo chontae féin, fuair Leitir Ceanainn, chomh maith le cathair na Gaillimhe agus Daingean Uí Chúis, aitheantas mar bhailte seirbhísí Gaeltachta. Tá mé ag iarraidh daoine, bíodh siad sa Ghaeltacht nó lasmuigh, a bogadh ar aghaidh. Cinnte tá an t-airgead agus na hacmhainní iontach tábhachtach-----
No comments