Dáil debates

Thursday, 12 November 2015

Other Questions

Pleananna Teanga

10:30 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta aitheanta chun críche Acht na Gaeltachta 2012. Ó mhí Eanáir 2014 go dáta, tá fógraí déanta i gcomhréir le halt 7(3) den Acht i leith 18 limistéar pleanála teanga Gaeltachta. Táthar ag súil go mbeidh fógraí déanta i leith an 8 limistéar eile roimh dheireadh 2016. I mí Eanáir 2014, foilsíodh trí fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Ciarraí Thiar; Cois Fharraige; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. I mí an Mheithimh 2014, foilsíodh sé fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Na Déise; Ciarraí Theas; An Cheathrú Rua; Ceantar na nOileán; Dún na nGall Theas; Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh. I mí Feabhra 2015, foilsíodh ceithre fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Árainn Mhór; Conamara Láir; Múscraí; Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh. I mí Mheán Fómhair 2015, d'fhoilsigh mé cúig fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Tuaisceart Dhún na nGall; Toraigh; Oileáin Árann; Maigh Eo Thuaidh; Ráth Chairn agus Baile Ghib.

Ós rud é go bhfuil tréimhse suas le dhá bhliain ag na heagraíochtaí ón dáta ar a roghnaíonn Údarás na Gaeltachta iad chun pleananna teanga a chur faoi bhráid mo Roinne, táthar ag súil go mbeidh pleananna teanga i leith na limistéar a fógraíodh ag tús 2014 á gcur faoi bhráid mo Roinne faoi lár 2016 ar a dhéanaí. Nuair atá pleananna teanga ceadaithe faoin Acht, beidh tréimhse seacht mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.