Dáil debates

Thursday, 12 November 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Eitilte

10:00 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is maith an rud go bhfuil an comhrá sin ar siúl ach tá sé an-tábhachtach go mbeadh polasaí fad-téarmach ann. Níl sé sásúil a bheith ag fáil amach go bhfuil an tseirbhís ar fáil ach ar feadh bliain amháin eile. Níl daoine sásta leis sin. Tá an tseirbhís seo an-tábhachtach ó thaobh cúrsaí oideachais, sláinte, spóirt agus ghnó. Baineann sé le gach seirbhís. Nuair a bhí an tAire Stáit ag déanamh díospóireacht ar seo sa Dáil cúpla mí ó shin, labhair sé faoin gcostas a bhaineann leis an tseirbhís aeir. Níl sé ceart béim a chur ar an gcostas. Tá an tseirbhís ann ar feadh níos mó ná 40 bliain agus is ceart go leanódh sé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.