Dáil debates

Thursday, 12 November 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Eitilte

10:00 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Ag tús an scéil seo, an cloch is mó ar m'intinn ag an am ná an tseirbhís aeir go dtí na hoileáin a choinneáil. D'ardaigh an Teachta Kitt cúpla ceist i rith na mbliana seo imithe thart. Bhí imní ar an Teachta ag an am agus imní ar na hoileánaigh fosta. Ach sin ráite, níl athrú ar bith ann ar na rudaí sin. Beidh mise, an Rialtas agus mo chuid oifigigh ag coiméad an tseirbhís aeir go dtí na hoileáin. An rud is tábhachtaí a bhí ann maidir leis an bpróiseas ná sin an chéad uair a bhí an próiseas ag dul tríd an Oifig um Sholáthar Rialtais. Próiseas neamhspleách a bhí ann agus bhí an oifig sin freagrach as an bpróiseas. Ní raibh mise ábalta cur isteach ar an bpróiseas nó ábalta aon fhocal a rá le linn an phróisis. Sin na deacrachtaí a bhí ann ag am. Cinnte go raibh imní ar daoine na n-oileán agus b'fhéidir go bhfuil imní orthu fós, ach oibreoimid le chéile agus déanfaimid iarracht maidir leis na cruinnithe ábhartha éagsúla. Oibreoimid le muintir na n-oileán agus fanfaimid i dteagmháil leo amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.