Dáil debates

Thursday, 12 November 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Eitilte

10:00 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé an-tábhachtach go mbeadh leanúnachas ann. Tá an tseirbhís seo go dtí na hoileáin níos mó ná 40 bliain ar bun. Mar a dúirt an tAire Stáit, tá sé an-tábhachtach go mbeadh an díospóireacht sin ann le muintir na n-oileán. Labhair an Teachta Éamon Ó Cuív faoi dul i gcomhairle leis an HSE agus an Galway and Roscommon Education and Training Board, GRETB. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh an díospóireacht sin ann agus go mbeadh daoine in ann a rá leis an Aire Stáit go bhfuil níos mó ná aon tuairim amháin ann. Tá a lán daoine ag brath ar na cruinnithe sin.

Seirbhís leathúil a bhí ann ó Aerfort na Minne. Mar is eol don Aire Stáit, bhí plean ann go mbeadh an tseirbhís ar fáil ó Aerfort an Chairn Mhóir ar an taobh eile de chathair na Gaillimhe. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an tAire Stáit in ann freagraí a thabhairt ar na ceisteanna sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.