Dáil debates
Thursday, 12 November 2015
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Seirbhísí Eitilte
9:50 am
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Beidh freagra ag an Teachta mar tá mé anseo. Is é an seasamh a bhí agam ón tús ná go raibh mé ag iarraidh go mbeadh seirbhís aeir ann i gcónaí d'Oileáin Árann le tacaíocht shuntasach airgeadais ón Rialtas, i gcomhréir leis an Rialachán AE maidir le seirbhísí aeir faoi oibleagáid seirbhíse poiblí. Is é sin an seasamh atá agam i rith an ama maidir leis an tseirbhís aeir. Le linn na tréimhse atá amach romhainn, beidh mo Roinn, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, ag tabhairt faoi phróiseas tairisceana úr chun conradh ceithre bliana a aontú don tréimhse ó 1 Deireadh Fómhair 2016. Déanfar é seo i gcomhréir leis na riachtanais dhlíthiúla faoi na rialacha náisiúnta soláthair agus an Rialachán AE ábhartha. Chun cloí leis an Rialachán AE ábhartha, caithfear nóta eolais faoin bpróiseas tairisceana a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an AE faoin 30 Márta 2016.
Tá sé i gceist go mbeidh mo Roinn ag dul i ndáil chomhairle le pobal Oileáin Árann faoin bpróiseas tairisceana úr. Tá an próiseas sin tosaithe sa mhéid is gur pléadh an cheist ag cruinniú a bhí agam le Comhdháil Oileáin na hÉireann ar na mallaibh.
No comments