Dáil debates

Thursday, 12 November 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Eitilte

10:00 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá mé ar an leathanach céanna leis an Teachta. Bhí cruinniú agam le Comhdháil na nOileán cúpla seachtain ó shin. Chuala mé ag an gcruinniú sin go raibh cruinnithe ar siúl faoi scáth Chomhairle Contae na Gaillimhe le coiste os na hoileáin. Tá an Teachta Kitt ceart agus é ag iarraidh comhrá idir an comhairle contae agus an coiste sin. Tá coiste faoi scáth an chomhairle contae i dTír Chonaill. Níl a fhios agam cén stádas a bheidh ag an gcoiste agus é faoi scáth Chomhairle Contae na Gaillimhe. Le linn an díospóireacht atá ar siúl le cúpla mí anois, bhí 18 gcloigne oifigeach ón gcomhairle contae ar na hoileáin ag cruinnithe poiblí. Is rud dearfach é sin. Chomh maith leis sin, tá mé ag iarraidh an comhrá idir Chomhairle Contae na Gaillimhe, muintir na n-oileán agus daoine a bhfuil seasamh ceannaireachta ar an oileán acu a choinneáil beo. Tá sé sin tábhachtach. Dá mbeadh aon eolas ar fáil, tá mise agus mo chuid oifigigh anseo. Táim ag iarraidh bualadh le muintir Árann amach anseo fosta.

Ón tús bhí mé ag iarraidh an aersheirbhís agus an ceangal idir an mhórthír agus Oileáin Árann a choinneáil. Amach anseo, beidh an Rialtas agus mise mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht ag coinneáil agus ag cosaint an ceangal sin atá ann idir Oileáin Árann agus an mhórthír. Tá sé sin tábhachtach leis. Mar a dúirt an Teachta Kitt, ó thaobh an ETB, cúrsaí sláinte agus oideachais, tá achan rud tábhachtach ó thaobh an cheangail idir an mhórthír agus na hoileáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.