Dáil debates

Thursday, 24 September 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Question

Seirbhísí Eitilte

10:00 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

An raibh cainteanna ag an Aire Stáit le Aer Arann nó an raibh cainteanna ag oifigigh na Roinne leis maidir le leanúnachas sa seirbhís seo? Mar is eol don Aire Stáit, tá an tseirbhís aeir seo an-tábhachtach mar gheall ar chúrsaí oideachais, sláinte, spóirt, gnó agus gach seirbhís eile atá ar fáil. Caithfimid freagra a fháil ar an gceist seo go luath. An freagra a thug an tAire Stáit don Teachta Derek Nolan ná go raibh costas níos mó ann anois don tseirbhís aeir. Dúirt sé go raibh ardú 136% ann le deich mbliana anuas.

Ní dóigh liom go bhfuil an tAire Stáit ag plé le leanúnachas, cinnteacht agus minicíocht do na daoine ar na hoileáin maidir leis an tseirbhís seo. Níl aon pholasaí fadtéarmach ann. Níl aon rud ráite ag an Aire Stáit faoi sin. Tá daoine ag rá nach mbeidh seirbhís ann tar éis cúpla seachtain eile agus go mbeidh leis an tseirbhís aeir atá ann. Deir cinnlínte sna nuachtáin: "Minister is urged to clarify Aran Islands air service row." Caithfidh an tAire Stáit a bheith soiléir faoi seo mar tá an t-easpa soiléireachta ag cur imní ar mhuintir na noiléan.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.