Dáil debates

Thursday, 24 September 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Question

Seirbhísí Eitilte

10:00 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Go raibh maith agat arís. Tuigim go raibh cruinniú ann inné ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Mar atá a fhios ag an Teachta, tá an próiseas i gcónaí beo. Ní mise, ach an OGP, atá freagrach as an bpróiseas, ach tá dualgas orainn uilig maidir leis an ceangal idir an mórthír agus na hoileáin. An chúis is tábhachtaí atá rómhainn ná leanúnachas na seirbhíse aeir chuig na hoileáin agus ó na hoileáin go dtí an mórthír a choinneáil. Sin an fáth go raibh an próiseas ar siúl.

Ar dtús, shíl mé go gcoinneodh muid an conradh leis an an tseirbhís aeir atá ann faoi láthair, mar sin an cloch is mó. Ach, tháinig an OGP isteach i 2014 don phróiseas úr agus sin an chéad uair a tháinig an próiseas os mo chomhair sa Roinn. Fuarthas comhairle dlí soiléir ansin ón OGP agus ón Ard-Aighne maidir leis an bpróiseas, próiseas neamhspleách atá ar siúl i gcónaí. Tá aontú déanta maidir le cúraimí agus tá aontú déanta fá choinne leanúnachas don tseirbhís do na seachtainí romhainn idir an mórthír agus na hoileáin. Níl mé in ann freagra a thabhairt faoi láthair maidir le cén bealach a thógfaimid anois. Táim ag iarraidh spás agus am a thabhairt do m'oifigigh agus an OGP leis an gcinneadh sin a socrú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.