Dáil debates
Thursday, 24 September 2015
Ceisteanna - Questions - Priority Question
Seirbhísí Eitilte
10:00 am
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Bhí plé idir Aer Arann agus na daoine ag plé leis an bpróiseas. Tuigim na deacrachtaí atá ann, go háirithe do na sealbhóirí éagsúla, mar shampla iad siúd atá i gceannasaíocht ar na hoileáin, iarratasóirí ag cur isteach tairiscintí agus Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá díospóireacht tábhachtach ar siúl agus tuigim na deacrachtaí ag baint le sin.
Arís, níl mise freagrach as an bpróiseas agus sin an fhadhb atá agam. Tá an próiseas neamhspleách agus tá an OGP freagrach as an bpróiseas. Tá suim ag an Aire Stáit ann, ach níl mé lárnach sa phróiseas agus nílim ábalta eolas a lorg ón OGP. Ní bheidh baint agam leis an bpróiseas. Táim ag iarraidh spáis agus am a thabhairt don díospóireacht atá ar siúl faoi láthair idir an OGP, an Ard-Aighne agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit agus oifigigh mo Roinne. Feicim na deacrachtaí atá ann maidir leis an am gairid atá ann idir seo agus an Chéadaoin seo chugainn, lá deiridh an chonradh reatha.
No comments