Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

3:05 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Iarraim chuile bhliain go ndéanfaimid iarracht gnó an Oireachtais ina iomláine a dhéanamh trí Ghaeilge lá ar leith.

Níor éirigh liom go fóill agus tá mé anseo ó 2002. Tá beagánín den obair déanta againn. Le cúpla bliain anuas, tá ceisteanna na gcinnirí den chuid is mó as Gaeilge in ainneoin nach mbíonn Gaeilge ag gach duine sa Teach. Uaireanta casann siad ar an Bhéarla agus is trua í sin. Nílimid ach ag lorg lá amháin den bhliain a mbeadh Gaeilge amháin á úsáid. Ní thuigim conas nach féidir linn gnó na Tithe seo a eagrú chun go mbeadh an méid Gaeilge atá ag gach uile Teachta sa Teach á úsáid. Ní chóir dó bheith chomh deacair sin. Muna bhfuil Gaeilge líofa acu nó muna bhfuil ach fíor-bheagán nó fiú cúpla focal acu, tá an córas ateangaireachta an-mhaith sa Teach agus tá sé ar fáil do chuile duine ar mian leo é a úsáid. Níl an córas ateangaireachta dírithe ar cad tá á rá agamsa as Gaeilge a aistriú go Béarla amháin. Tá an bealach eile ar fáil chomh maith. Tá sé de cheart agamsa cad tá á rá i mBéarla a chloisint i nGaeilge. B'fhéidir nach bhfuil ansin ach brionglóid agus go ndúiseoidh mé.

Sa deireadh thiar thall, ní fheicim go dtarlóidh sé. Mar an gcéanna, ní fheicim go mbeidh mór-obair déanta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla nó tarrtháil na Gaeilge nó na Gaeltachta i mbliain deireanach an Rialtais seo. Is mar an gcéanna a bheadh sé má bhíonn an páirtí a bhí i gceannas roimhe seo i gceannas arís. Bhí an deis ag an Aire Stáit agus ag an Rialtais le ceithre bhliain anuas. Bhí a pháirtí mar chuid den Rialtais cheana féin. Bhí an deis ag chuile Rialtas ina raibh Fianna Fáil ó bunaíodh an Stát seo freisin.

Tá an Ghaeilge anois in ísle brí. An aidhm a bhí ann nuair a bunaíodh an Stát, agus b'fhéidir nach raibh sé réalaíoch, ná go mbeadh Gaeilge amháin á húsáid. Ní hé sin an aidhm inniu. Bhí Aire Gaeilge sa chéad Dáil. Ní raibh a leithéid ann ó shin. Má fheicfidís siar, an chéad mórathrú a tharla ná an aitheantas go raibh fadhb ann in 1965. Tá fios agam go bhfuil mé ag dul fada siar but tiocfaidh mé ar fáth eile faoi sin. Is fada go bhfaighimid a leithéid seo de chaint in aon pháipéar dá shórt anois. Sin an méid a bhí le rá ag an Ollamh Seán Ó Coileáin agus é ag caint ar Scoil Merriman i mí Eanáir an bhliain seo. Bhí sé ag déanamh trácht ar phíosa a bhí sa tuarascáil deiridh de Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge. Dúradh sa tuarascáil sin:

Ó is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta dlitear túsáite a thabhairt di agus déanfar gach dícheall chun a úsáid a leathnú agus a mhéadú. Mar sin féin, go ceann tamall maith fós is é an Béarla an teanga is mó a bheidh á úsáid taobh amuigh den Ghaeltacht ag gnóthaí éagsúla. Ní bheimis ag tabhairt aghaidh ar an fhírinne muna n-aithneoimis gur gá mar gheall ar suíomh na tíre agus cóiriú ár gcaidrimh eacnamaíocht agus sóisialta go mbeadh eolas inniúlach ar an bhféile ag daoine fiú amháin nuair is í an Ghaeilge is mó a bheadh á labhairt.
Sin a dúradh in 1965. Is fada uainn 1965, but is fada aon trácht eile ar athbheochan na Gaeilge. Táimid anois ag caint faoi tarrtháil na Gaeilge agus na Gaeltachta. In 2007, deineadh tuairisc teangeolaíochta. Luaigh an staidéar sin nach raibh ach 20 bliain fágtha chun an Ghaeilge a tharrtháil sa Ghaeltacht mar theanga labhartha chuile lá. Níor aontaím go huile is go hiomlán go raibh ach 20 bliain againn. Foilsíodh an tuairisc sin seacht mbliana ó shin. Tháinig an straitéis 20 bliain i bhfeidhm in 2010. Sin cúig bliana ó shin, bhuel, ceithre go leith bliana ó shin. Fós, níl spriocdátaí ann. Níl achmhainní ann. Níl deifir nó fuadar faoin Státchóras nó faoin Rialtas chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a tarrtháil. Níl gá ach féachtaint conas mar a chaith siad leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá obair mhaith déanta ach níl aon deifir faoi. Fógraíodh an t-athbhreithniú sin i mí na Samhna 2011. Anois, i mí an Mhárta 2015, níl fiú bliain fágtha ag an Rialtas agus níl tada déanta de réir sin. Caithfear an t-airgead a chur ar leathtaobh. Caithfidh na maoin a bheith tugtha. Caithfidh na hacmhainní a bheith tugtha, mar ní gá i gcónaí airgead a bheith i gceist. Caithfidh meon an Státchórais a athrú mar tá an Ghaeilge agus an Ghaeltacht i mbaol. Ní hé nach bhfuil gníomhairí ann. Ní hé nach bhfuil daoine ann atá grá acu don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Táimid ann, but ní féidir linn é a dhéanamh as ár stuaim fhéin.

Ní féidir linn é a dhéanamh má tá an Státchóras drogallach. Ba léir é sin domsa, thar na blianta, ó thosaigh mé ag caint. Bhí mise beagánín mall chun cainte i nGaeilge agus i mBéarla. Thosaigh mé ag caint nuair a bhí mé trí bliana d'aois. Deirtear nár stop mé ó shin. An fhadhb ná nach raibh an Státchóras ann chun cuidiú iomlán a thabhairt dom. Gach uile áit a chuaigh mé, is ag troid ar son cearta teanga a bhíos nó a bhí mo chlann. Tá pobal bríomhar ann. Tá daoine bríomhaire ann agus tá siadsan sásta an troid a dhéanamh ar son na teanga, ach ní chóir go mbeadh siad ag troid ag an staid seo. Tá an oiread sin acmhainní ann anois ó thaobh an nua-theicneolaíocht de nó fiú caiteachas an Stáit gur féidir é sin a múnlú agus a athrú go dtugfadh sé an chosaint sin dúinn.

Is féidir linn féachaint ar thíortha eile a dhein tarrtháil ar a dteangacha. Is tíortha iad seo ar éirigh leo teanga a athbheochan ó thús i gcásanna áirithe. Fiú is féidir linn díriú ar an méid a bhfuil ag tarlú sna Sé Contaetha. Is áit í seo a bhfuil an Ghaeilge ag teacht chun cinn in ainneoin an Státchóras agus in ainneoin dreamanna atá ina choinne go huile is go hiomlán. Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó déanta in Éirinn agus ba chóir dúinn iomlán tacaíocht a thabhairt dóibh. Ba chóir dúinn glacadh leis an sampla atá ar fáil acusan. Níl gach rud in ísle brí.

Ceann de na príomhghnéithe ar féidir leis an Stát díriú ná go bhfuil níos mó daoine ag freastal ar Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí, ach is lastigh den Ghalltacht nó san breac-Ghaeltacht an chuid is mó dóibh san. Sa Ghaeltacht, tá líon na ndaltaí scoile atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, idir bhunscoileanna nó an naíscoileanna agus meánscoileanna, ag íslú.

Ó thaobh na hollscoileanna de, níl aon mórfhás tar éis teacht ar sin. Má tá an deis ag an Aire Stáit, iarraim air féachaint ar an méid a bhí le rá ag an Ollamh Seán Ó Colleáin san eagrán Feasta na míosa seo faoi an tslí ina bhfuil na hollscoileanna ag caitheamh leis an nGaeilge le blianta anuas. Ní ar leasa an Ghaeilge atá siad ag obair. Don chuid is mó díobh, is cuma sa tioc leo. B'fhearr leo go mbeadh an Ghaeilge gafa i roinn folklore nó a leithéid agus curtha ar leathtaobh mar ní thuileann sé airgead dóibh. Sin an fhadhb is mó ó thaobh ollscoileanna de. Tá siad ar fad dírithe ar conas is féidir leo airgead a thuilleamh toisc nach bhfuil siad maoinithe i gceart ag an Státchóras. Caithfidh athrú teacht ar an réimse sin maraon le gach uile réimse agus gach uile Rannóg Stáit. Caithfidh athrú meoin a bheith ann sna Rannóig Stáit, go huile is go hiomlán. Foilsíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2003. Ní raibh mé cinnte faoin Acht seo.

Dúirt mé nach n-éireodh leis, nach ndéanfadh an Státseirbhís an cur chuige ceart, agus nach mbeadh na pleananna nó na scéimeanna teanga go léir curtha faoinár mbráid. Bhí an ceart agam. Toisc nár chloígh siad le hAcht na Teangacha Oifigiúla, tá siadsan ag cur brú ar an Aire agus ar an Rialtas seo maolú a dhéanamh, seachas a bheith sásta cur leis an méid dualgas agus spriocanna atáimid sásta glacadh leo. Níor chloígh an Státchóras ná na comhlachtaí pobal leis an dlí mar a bhí sé agus anois tá an cuma ar an scéal go bhfuil an Rialtas ag smaoineamh ar mhaolú a dhéanamh nuair a fheicimid Acht na dTeangacha Oifigiúla eile. Ní bheidh mise nó mo pháirtí sásta le haon mhaolú agus má tharlaíonn sé sin beimid ag cur go huile agus go hiomlán i gcoinne sin. Ba chóir go mbeidís ag déanamh cinnte go bhfuil sé níos daingne. Ní hamháin go bhfuil sé de cheart ag gach duine sa Ghaeltacht déileáil leis an Státseirbhís as Gaeilge. Ba chóir go mbeadh sé uathoibreach domsa nó d'éinne eile é sin a dhéanamh. Níl sé éasca agus déantar níos deacra é.

Ba chóir chomh maith, agus luaigh mé é seo thar na blianta, go mbeadh sé de dhualgas ar an Roinn Oideachais agus Scileanna éileamh a chothú do Ghaelscoileanna agus do Ghaelcholáistí. Muna dtarlaíonn sé sin, beidh siad ag brath ar éileamh atá cruthaithe ag tuismitheoirí agus mar gheall ar na rialacha nua maidir le bunscoileanna, ní bheifear in ann Gaelscoileanna nua a chothú amach anseo. Ba chóir go mbeimis ag dul i dtreo difriúil mar feicimid cheana féin sa daonáireamh chuile bliain go bhfuil líon breise Gaeilgeoirí sa Stát. Is é an dúshlán domsa agus don Rialtas ná iad siúd a mholadh agus a mhealladh, sa chaoi go mbeidh siad ag úsáid an Ghaeilge sin de shíor mar braitheann sástacht na ndaoine, agus na Státseirbhíse bogadh sa treo eile, ar an méid a úsáidtear an teanga.

Is trua liom go ndearna Rialtais thar na blianta a bhí Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre gafa leo athruithe áirithe maidir le seasamh na Gaeilge sa Státseirbhís. Tá sé sin fós ag tarlú, mar shampla trí na marcanna breise a bhí ar fáil don líofacht sa Ghaeilge sa phróiseas earcaíochta den Státseirbhís a bhaint. Sna 1970í fuarthas réidh leis an riachtanas dhá phas a fháil chun an ardteistiméireacht a fháil. Ní raibh gá ann é sin a dhéanamh. Cuireadh deireadh freisin leis an ngá Gaeilge a bheith ag duine chun post a fháil sa Státseirbhís. Ba chosaintí iad sin ar fad agus bhí siad ann toisc, ó bhunú an Stáit agus roimhe sin, tuigeadh go raibh gá ann go mbeadh Gaeilgeoirí sa Státseirbhís. Fiú leis na spriocanna atá leagtha amach, ní thiocfaidh aon fhás ar líon na nGaeilgeoirí sa Státseirbhís ar an slí go mba chóir go mbeadh sé. Ba chóir go mbeadh 25% ann ar a laghad. Ní tharlóidh sé sin thar oíche. Caithfear é a mhaoiniú ach caithfear riachtanais a bheith ann freisin agus tá an cuma ar an scéal nach bhfuil an Rialtas sásta go mbeadh riachtanais teanga ann amach anseo.

Is é an cáineadh is mó a rinneadh ar an Rialtas seo ná nuair a éirigh an Coimisinéir Teanga as a phost anuraidh. Ní cáineadh díreach ar an Aire Stáit nó ar a Rialtas a bhí ann, ach cáineadh ar Rialtais roimhe sin. Bhí sé tinn tuirseach den slí a bhí an Státchóras ag caitheamh leis agus leis an nGaeilge. Shíl sé nach raibh sé in ann aon rud eile a dhéanamh toisc nach raibh sé ag fáil tacaíocht ón Rialtas nó nach raibh sé ag fáil tacaíochta reachtúla chun a dhualgais a chomhlíonadh. Is gá é sin a athrú go hiomlán mar beimid ar ais anseo chuile bhliain agus beidh mé ag cáineadh an Rialtas seo nó an Státseirbhís go deo na ndeor mura thagann brostú faoin tarrtháil atá ag teastáil agus ansin nuair atá an tarrtháil déanta go gcasfaimid athuair ar athbheochan ó athréimiú na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.