Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

2:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit go dtí an Teach. Fáiltím roimh na hiarrachtaí pearsanta atá á dhéanamh aige an Ghaeilge a labhairt. Ní aontaím fós leis an gcinneadh a rinneadh duine a thoghadh in aon phost go bhfuil Gaeilge riachtanach gan an cumas sa teanga a bheith acu roimh ré, ach molaim iarrachtaí pearsanta an Aire Stáit.

Caithfidh mé a rá go raibh sé mar bhunchloch sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh Aire sinsearach freagrach as an nGaeilge agus as an nGaeltacht. Rinne an Taoiseach an cinneadh sin a chealú. Cé go bhfuil Gaeilge ag an Taoiseach, ní dóigh liom go bhfuil an oiread sin tuisceana ná an oiread sin measa aige ar an teanga. Bhí ceapachán an Aire sinsearach sa Roinn seo mar cheann de na bunchinntí a rinne sé an chéad lá. Ní hamháin go ndearna sé uair amháin é - rinne sé faoi dhó é. Má théann Fianna Fáil ar ais i Rialtas, cuirtear é sin ina cheart agus déantar cinnte de go mbeidh Aire sinsearach freagrach ó thaobh cúrsaí Gaeilge ó lá go lá. Déarfaidh an tAire Stáit liom nach bhfuil aon neart aige sa chomhthéacs seo, agus go bhfuil sé chomh maith Aire Stáit agus Aire a bheith sa phost seo. Mar is eol don Aire Stáit, tá an tAire sinsearach ag bord an Rialtais nuair atá an chreach dá roinnt agus na buiséid á shocrú. Tá a fhios aige nach bhfuil aon airgead curtha ar fáil ó cuireadh an Rialtas seo ar bun, in ainneoin an méid atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Tá cleasaíocht ar bun, go deimhin, ó thaobh cúrsaí airgid. Deirtear liom go raibh an t-oiread seo airgid a bhí curtha ar fáil do phleanáil teanga bainte as ceannteidil eile Gaeilge de chuid na Roinne. Mar sin, is féidir a rá go bhfuil iarraithe ar na pobail an straitéis a chur i bhfeidhm go háitiúil trí pleananna teanga a réiteach, ach gan aon airgead ceart a bheith ar fáil acu siúd agus an t-airgead atá ann goidte ó imeachtaí eile Gaeltachta. Níl an straitéis á cur i bhfeidhm ag an Rialtas. Tá sé sin dubh agus bán d'éinne a léann an straitéis. Níl aon mhaith bheith ag iarraidh an dubh a chur ar an mbán. Is eol dúinne a bhfuil a fhios againn céard atá sa straitéis nach bhfuil aon chuid dó á cur i bhfeidhm. Tá toil ag teastáil le haghaidh cuid den straitéis agus tá airgead ag teastáil le haghaidh an chuid eile de. Níl ceachtar acu ar fáil. An dtógfadh sé mórán airgid? Dá mbeadh poll i ndíon na hiarsmalainne, agus dá mbeadh scrios á dhéanamh ar na séadchomharthaí is luachmhaire a bhfuil againn, an mbeadh €3 milliún nó €10 milliún ar fáil le cuí a chur air? Bheadh sé ar fáil, agus is ceart go mbeadh.

Caithfimid a thuiscint muna dhéanaimid beart láithreach, beidh Gaeilge ann go deimhin ach ní bheidh cainteoirí dúchasacha Gaeilge ón gcliabhán ar fáil i bpobail labhartha Gaeilge, ní éireoidh linn an deis atá againn pobal cearta Gaeilge a bhunú taobh amuigh den Ghaeltacht a thapú ach ní bheimid in ann gréasán labhartha Gaeilge a bhunú sna cathracha agus sna bailte móra. Go deimhin féin, tá soláthar in Acht na Gaeltachta 2012, a thug an Rialtas seo isteach, a bhaineann leis na gréasáin seo. Rinne an tAire Stáit fógairt orthu. Mar is eol d'éinne a bhreathnaíonn ar an straitéis, bhí plean comhtháite le bheith ann - bhí an Stát chun airgead a chur ar fáil le haghaidh, mar shampla, naíolanna, naíonraí agus na rudaí seo ar fad. Ní féidir leis na pobail é a dhéanamh. Cén fáth go mbeadh orthu é seo ar fad a dhéanamh? Tá na hionaid pobail tábhachtach ionas go mairfidh pobal labhartha Gaeilge istigh sa chathair.

Bhí an cheart ag an Aire Stáit nuair a dúirt sé gur féidir le daoine in áit ar bith ar domhain an nuatheicneolaíocht agus na hathruithe móra atá tagtha ar an saol mar atá sé i láthair na huaire a úsáid leis an nGaeilge a labhairt. Buíochas le Dia, is féidir le daoine atá imithe ar imirce bheith i dteagmháil leis an mbaile, rud nach bhféadfaidís a dhéanamh 50 bliain ó shin. Is cinnte nach mbeidís in ann a leithéid a dhéanamh, seachas le litir, 100 bliain ó shin. Is maith an rud é gur mar sin atá anois. Caithfidh mé a rá go bhfuil áthas orm go bhfuil cúpla ag mo mhac agus an bhean atá aige san Astráil. Is í an Ghaeilge atáthar ag labhairt leo sa bhaile. Nach breá an scéal é sin? Is féidir iarracht an-mhór - iarracht dochreidte pearsanta - a dhéanamh. An gcaithfimid i gcónaí a bheith ag brath ar íobairtí daoine? An bhfuilimid sásta na moltaí a bhí sa straitéis a chur i bhfeidhm?

Nuair a chuireadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le chéile, sheachnaíomar rudaí nach bhféadfaí a dhéanamh. Chaitheamar bliain ag dul anonn is anall idir na Rannaí Stáit éagsúla. Nuair a cheadaíodh an straitéis ag deireadh na bliana 2010, i lár na géarchéime eacnamaíochta, shíl an Rialtas ag an am go raibh sé sách práinneach mar rud go gcuirfí i bhfeidhm é go hiomlán agus go gcuirfí na hacmhainní chuige sin ar fáil. Bhíomar den tuairim go raibh na páirtithe eile san Oireachtas ag an am taobhach leis an méid a bhí idir lámha againn i dtaobh na straitéise. Dúirt siad go raibh.

Ní raibh de thaithí ag an Aire Stáit go fóill ach a bheith sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá caiteachas an-bheag - €300 milliún nó rud éigin - ag an Roinn sin. Bheadh €4 mhilliún nó €5 mhilliún ag teastáil leis an straitéis a chur i bhfeidhm. Ní chosnódh sé aon airgead na hathruithe cuí eile a chur i bhfeidhm. Caithfear é sin a chur i gcomhthéacs. Caitheann an Stát breis is €50 billiún sa bhliain - sé sin, €1 billiún in aghaidh na seachtaine. Is mór an méid é €5 mhilliún don Aire Stáit. Mar a fuair mé amach, ní bheadh sé le háireamh suas ná síos sa Roinn Coimirce Sóisialaí, mar shampla. Níl aon mhaith a bheith ag rá linn an t-am ar fad, mar atá an Rialtas seo ag rá linn le ceithre bliana, go gcaithfimid fanacht go mbeidh borradh ar an eacnamaíocht. Má fhanann muid rófhada, beidh dochar nach féidir a leigheas déanta. Dá bhrí sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt don straitéis.

Má chailltear an Ghaeilge mar theanga pobail - má chailltear an Ghaeilge dúchasach - beidh ceann de na seoda is luachmhaire atá againn go stairiúil caillte againn. Fiú má bhreathnaímid air ó thaobh cúrsaí airgid de, is mó agus is mó spéise atá ag eachtrannaigh agus daoine a thagann anseo le haghaidh turasóireachta i gcultúr agus in oidhreacht na tíre seo. Bítear ag caint ar infheistíocht a dhéanamh i ngalf, i siúlóidí agus mar sin de, agus is maith ann iad. Rinne mé go leor den obair sin. Nuair a chuirtear ceist ar thurasóirí cén fáth go dtagann siad go hÉirinn, deir siad go dtagann siad anseo le haghaidh an cultúr agus le haghaidh an oidhreacht. Sílim gur cheart don Rialtas cinneadh a dhéanamh, ina bhliain dheiridh agus muid ag druidim i dtreo Lá Fhéile Pádraig na bliana 2015, go gcuirfear an straitéis i bhfeidhm go hiomlán. Nuair a shocraíomar ar an straitéis, ní biachlár a bhí i gceist ach rud gur cheart a chur i bhfeidhm go hiomlán. Dá ndéanfadh an Rialtas a leithéid, bheidís ag taispeáint an omóis is fearr a d'fhéadfaidís do laochra 1916.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.