Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

2:55 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an deis an díospóireacht seo a bheith againn. B'fhéidir nach dtarlódh sé ach go bhfuil Seachtain na Gaeilge ag tarlú freisin.

Tá an ceart ag an Aire Stáit nuair a deireann sé go bhfuil muid go léir ag iarraidh na Gaeilge a chur chun cinn. Sin aidhm Pháirtí Fhianna Fáil le blianta. Chomh maith le Gaeilge a labhairt, tá sé an-tábhachtach go mbeidh muid in ann an Ghaeilge a thabhairt do na glúine atá le teacht,agus sin an fáth go bhfuil an Straitéis 20 Bliain againn. Tá an straitéis seo mar bhuncloch do pholasaí Fhianna Fáil agus don Rialtas freisin. Mar sin, táimid ag iarraidh go mbeidh Aire sinsearach don Ghaeilge sa Rialtas. Caithfidh go mbeidh duine ann le freagracht a ghlacadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ní ceart an straitéis a chur i bhfeidhm gan airgead a chur ar fáil chomh maith. Níl mórán airgid i gceist. Tá an straitéis againn ón am a bhí an Teachta Ó Cuív mar Aire agus chuala mé sin uaidh cúpla uair.

Caithfimid deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge san Aontas Eorpach chomh maith. Bhí daoine ag cur brú le blianta ar an Aontas Eorpach go mbeadh an Ghaeilge mar teanga oibre ann. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann tacaíocht a thabhairt maidir le sin freisin.

Bhí scéimeanna éagsúla Gaeltachta againn, ach tá cuid mhaith acu curtha ar ceal. Labhair mé ar maidin faoi na seirbhísí go dtí na hoileáin, seirbhísí aeir agus seirbhísí farantóireachta. Tá díomá ar dhaoine nach bhfuil scéimeanna fadtéarmacha ar bun do na seirbhísí sin ach go dtéann siad ó bhliain go bliain.

Níor luaigh an tAire Stáit Údarás na Gaeltachta. Bhí díospóireacht againn ar maidin faoin ábhar seo. Ba chóir go mbeadh na baill don údarás tofa ag an bpobal agus ba chóir tacaíocht a thabhairt don údarás níos mó post a fháil le gur féidir cúrsaí eacnamaíochta a neartú. Chuir mé ceist ar an Aire Stáit ar maidin maidir le méadú 8% ar an airgead don IDA, ach airgead don údarás a bheith ag ísliú. Tá an IDA ag déanamh go maith as, ach níl an t-údarás. Tá súil agam go mbeidh muid in ann Foras na Gaeilge a neartú freisin agus go mbeidh muid in ann tacaíocht a thabhairt do na heagraíochtaí Gaeilge. Chuir mé ceist freisin mar gheall ar airgead don fhoilsiúchán, An tUltach, ach ní dóigh liom gur thug an tAire Stáit freagra ar sin. Labhair sé faoin Idirlíon agus cuirim fáilte roimh aon tacaíocht d'fhoilsiúcháin ar an Idirlíon, ach ní freagra ar gach ceist é an tIdirlíon. Baineann a lán daoine taitneamh as An tUltacha léamh.

Is cóir smaoineamh a dhéanamh freisin ar an mhéid a dúirt an t-iar-choimisinéir teanga, Seán Ó Cuirreáin, nuair a d'éirigh sé as oifig. Dúirt sé nach raibh reachtaíocht ann chun seirbhís a chur ar fáil don phobal le gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá seo an-tábhachtach. Nuair a tháinig Seán Ó Cuirreáin go dtí an comhchoiste sa Teach seo, labhair sé faoin straitéis agus faoin gcaoi nach raibh daoine in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Nuair a bhíomar ag caint faoin straitéis agus faoi iarracht níos mó daoine a spreagadh chun Gaeilge a labhairt dúirt sé: "It would be difficult to meet anybody who thinks the target is realisable." Bhí rudaí eile le rá aige mar gheall ar na scéimeanna teanga. An rud deireannach a dúirt sé, mar gheall ar na daoine sa Ghaeltacht ná: "Speak Irish among yourselves, but don't speak it to us." Sin rud a chuir isteach air.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom fáilte a chur roimh Seachtain na Gaeilge agus an leabhrán seo a fuair gach duine sa Teach ag cur síos ar na deiseanna nua agus na hócáidí nua atá ann chun an Ghaeilge a labhairt. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis na scoláirí a tháinig anseo ó scoileanna éagsúla. Tagann grúpaí scoláirí go dtí comhchoiste anseo gach bliain le ceisteanna a phlé trí Ghaeilge le Seanadóirí agus Teachtaí Dála. Is maith an rud go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl mar b'fhéidir nach mbeadh seans againn díospóireacht as Gaeilge a bheith againn ach amháin sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.