Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

3:25 pm

Photo of Maureen O'SullivanMaureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent) | Oireachtas source

An méid atá le rá agam inniu, tá sé ráite agam cheana, an bhliain seo caite agus an bhliain roimhe sin agus an bhliain roimhe sin arís. Is í an fhadhb atá ann ná nach bhfuil aon fheabhas tagtha ar an ábhar seo. Dúras ansin go mbeadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh níos mó ná lá againn i rith Seachtain na Gaeilge, go mbeadh níos mó iarrachta á dhéanamh againn i rith na bliana maidir leis an nGaeilge. Dúras freisin gur theip ar gach Rialtas ó bhunú an Stáit maidir le cúrsaí Gaeilge agus inniu ní labhraíonn ach mionlach sa tír seo Gaeilge.

Rud eile a dúirt mé, dá mba rud é go bhfuilimid i ndáiríre maidir leis an nGaeilge, ba cheart dúinn tosnú le cúrsaí oideachais. Ba chóir go mbeadh gach bunscoil ina Gaelscoil i gcomhair trí nó ceithre bliana ar a laghad agus ansin bheadh gach dalta scoile in ann labhairt as Gaeilge. Tá sé soiléir go bhfuil fadhbanna móra sna scoileanna. Tá a fhios againn nach bhfuil a lán daoine in ann Gaeilge a labhairt tar éis ar a laghad ocht mbliana sa bhunscoil agus trí bliana sa mheánscoil, fiú na daltaí a dhéanann an cúrsa ardleibhéil Gaeilge san ardteistiméaracht. Ba cheart go mbeadh líofacht acu go léir sa Ghaeilge ach níl. Tá jab sármhaith á dhéanamh ag na Gaelscoileanna, na cinn atá lasmuigh den Ghaeltacht ach go háirithe.

Tá fadhb eile sna scoileanna toisc nach bhfuil grá ag go leor daltaí don Ghaeilge. Tá sé tábhachtach go mbeadh suim sa Ghaeilge agus grá di ag daltaí i scoileanna lán-Bhéarla. Caithfidh ranganna Gaeilge a bheith beomhar, cultúrtha agus praicticiúil. Muna bhfuil suim ag daoine sa Ghaeilge agus muna bhfuil grá acu di, ní fiú an pháipéar air a bhfuil an straitéis sin scríofa. Táimid ag brath ar an nGaeltacht, ar na hoileáin sa Ghaeltacht agus ar na Gaelscoileanna chun an obair a dhéanamh agus n'fheadair an bhfuilimid ag tabhairt dóthain tacaíochta don obair atá á dhéanamh acu.

Uaireanta ceapaim nach bhfuil meas ag daoine atá líofa sa Ghaeilge ar na daoine a bhfuil ag iarraidh Gaeilge a labhairt. Níl na daoine sin líofa ach tá grá acu don Ghaeilge agus bíonn siad ag déanamh a ndícheall Gaeilge a labhairt agus úsáid a bhaint as na focail atá acu, cosúil liomsa. Bhí an t-ádh liom go raibh múinteoirí maithe agam sa mheánscoil. Bhí grá acu don Ghaeilge agus is dócha gur cainteoirí dúchais a bhí iontu. Spreag siad grá don teanga ionam agus i mo cháirde. Ba mheánscoil trí Bhéarla a bhí inti ach toisc go raibh grá againn don Ghaeilge, bhíomar ag caint as Gaeilge cuid mhaith den am. Roimh an Drochshaol bhí 7 milliún daoine ann a labhair Gaeilge mar a gcéad teanga gach lá. Tá níos lú ná 20,000 duine á úsáid sa lá atá inniu ann.

Dúirt an tAire Stáit go raibh an seachtain seo fíorthábhachtach nuair a bhí sé ag caint ach má tá sé chomh tábhachtach sin, cén fáth nach bhfuil níos mó rudaí ar siúl sa Dáil? Níl ach cúpla uair a chloig i gcomhar an Ghaeilge i rith na seachtaine. Tá níos mó rudaí ar siúl lasmuigh den Oireachtas. Caithfidh mé a admháil nár aontaigh mé le cad a tharla ar maidin leis an Teachta de Bhailís. Dúirt sé nach raibh Gaeilge aige. Tá a lán daoine sa tír seo atá cosúil leis agus nach bhfuil Gaeilge acu i ndiaidh an 13 bliain sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Dúirt sé é sin ach lean an Taoiseach ar aghaidh ag freagairt as Gaeilge. Bhí ceist tábhachtach ag an Teachta agus ba chóir go mbeadh níos mó tuisceana ag an Taoiseach le haghaidh daoine nach bhfuil Gaeilge acu. Tá a fhios againn go bhfuil Gaeilge líofa ag an Taoiseach.

Is teanga álainn í an Ghaeilge, a litríocht, a fhilíocht agus a cheol. Tá obair iontach á dhéanamh go háirithe ag TG4, Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life i mBaile Átha Cliath. Tá a lán rudaí suimiúla sa straitéis ach cá bhfuil sí ag dul? Níl sé ró-dhéanach an teanga a shábháil ach aontaím go bhfuil easpa deifre ann leis an obair seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.