Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

12:05 pm

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source

Dúirt an Taoiseach go dtiocfaidh an Rialtas isteach go dtí an Teach seo an mhí seo chugainn. Fanfaimid agus cífimid cén saghas scéil a bheidh ann ag an uair sin. D'athraigh an Rialtas an dlí chun go bhféadfadh leis na bainc tithe a thógaint ó theaghlaigh. D'athraigh an Rialtas an dlí chun é a dhéanamh níos éasca do na bainc tithe a mbaint ó theaghlaigh. Tá veto ag na bainc. Thug an Rialtas an veto dóibh. Dúirt roinnt daoine nach raibh sé sin ceart, ina measc Sinn Féin. Tá sé an-soiléir go gceapann na bainc gur féidir leo faic a dhéanamh toisc nach bhfuil aon chosaint reachtaíochta ann do theaghlaigh. Banks will do what banks do. Caithfidh an Rialtas an veto a bhaint ó na bainc. An mbainfidh an Rialtas an veto ó na bainc agus cosaint níos láidre a thabhairt do theaghlaigh nuair a thiocfaidh an Rialtas ar ais go dtí an Teach an mhí seo chugainn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.