Dáil debates
Wednesday, 11 March 2015
Leaders' Questions
12:05 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
-----go bhfuil i bhfad níos mó socruithe déanta ag na bainc dóibh siúd a bhfuil riaráistí morgáiste agus deacrachtaí eile acu. Tá sé sin déanta. Ag éirí as an athbhreithniú atá á dhéanamh agus a bheidh críochnaithe go luath, beimid in ann cur leis na socruithe a bheidh ag fáil do gach duine chun réiteach a shroichint. Níor theastaigh ón Rialtas go dtógadh teach ar bith ó chlann ar bith. Is é sin an príomh rud. Ba chóir go mbeadh na socruithe a bheidh ar fáil luaite agus faisnéis fúthu curtha os comhair gach duine. Tiocfaimid ar ais go dtí an Teach seo i mí Aibreáin le cuid eile socruithe a theastaíonn ón Rialtas a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu. Leis sin, beimid in ann déileáil le chuid eile daoine a bhfuil deacrachtaí acu. Níl mé ag rá go mbeimid in ann socrú a dhéanamh le chuile duine a bhfuil deacrachtaí acu. Tá deacrachtaí uafásacha ag roinnt daoine agus cuid eile acu nach bhfuil baint ag a deacrachtaí lena bainc. Is é atá i gceist ná go mbeadh an méid socruithe is mó dá raibh ann riamh ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu. Tá súil againn go dtiocfaidh tairbhe as sin. Beidh seans ag an Teach agus chuile Teachta na moltaí sin a phlé nuair a thabharfaidh an tAire Stáit iad isteach an chéad mhí eile.
No comments