Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

12:05 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní bhíonn tada le fáil ag na bainc má théann duine i bankruptcy. Tá fios ag gach duine é sin. D'athraíomar an dlí agus d'ísligh an Rialtas an méid ama a bhí ag baint leis an gcóras sin ó 12 bliain go trí bliana. Tá Bille nua luaite ag an Teachta Penrose a athródh é seo go bliain amháin. Aontaíonn cuid mhaith de na Teachtaí leis an méid sin. Tá sé sin ráite ag cuid mhaith de na Teachtaí le cúpla seachtain anuas. Chun é sin a chur i gcrích, beidh ar an Rialtas an dlí a athrú. Beidh sé sin á phlé chomh maith le na moltaí a chuirfidh os comhair na Dála an mhí seo chugainn. Tá sé tábhachtach nuair a théann cás os comhair na cúirteanna go mbeadh an cead ag an mbreitheamh - tá sé seo sa dlí faoi láthair - scrúdú a dhéanamh ar na moltaí atá déanta ag an personal insolvency practitioner, PIP, go neamhspleách.

Tarlaíonn an rud céanna leis na hoifigí neamhspleácha atá ann do na heagrais eile, i dtreo agus go mbeidh siad in ann cás a iniúchadh go cruinn agus go neamhspleách sula rachaidh ceann ar bith roimh an chúirt.

Tar éis éisteachta a thabhairt do dhaoine a bhfuil deacracht acu, sílim gur cóir go gcuirfí moltaí eile ar an mbord, agus sin atá i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.