Dáil debates

Tuesday, 10 February 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Oileán

2:30 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an tseirbhís ar fáil ó thaobh cúrsaí ghnó, sláinte agus oideachais de. Níor thug an tAire Stáit freagra maidir leis an gcostas a bhaineann leis an seirbhís fé láthair. Sin costas €120,000 gach bliain don aerstráiche ar Inis Bó Finne. An bhfuil aon dóchas ag an Aire Stáit go mbeidh aersheirbhís ar fáil go dtí Inis Bó Finne? An bhfuil an tAire Stáit sásta an chonradh a bhaineann le hOileáin Árainn a shíniú, an tseirbhís sin a choinneáil, feabhas a chur air agus an tséirbhís sin a chur ar fáil go fad-téarmach? Tá imní ar a lán daoine nach mbeidh na seirbhísí sin ar fáil amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.