Dáil debates
Tuesday, 10 February 2015
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Seirbhísí Oileán
2:30 pm
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá mé sásta le hachan seirbhís atá á chur ar fáil. Maidir le Inis Bó Finne, ní bhaineann an infheistíocht leis an aerstráiche idir Clifden agus Cleggan. Tá cinneadh le déanamh agamsa. Níl an cinneadh maidir leis an aerstráiche déanta. Táimse freagrach as an gcinneadh mór. Bhí comhrá agus díospóireacht ann idir na páirtithe leasmhara éagsúla maidir leis an aerstráiche idir Clifden agus Inis Bó Finne, ach níl an cinneadh déanta fós. Is mise an tAire Stáit atá freagrach as an gcinneadh sin. Muna bhfuil cinneadh ar fáil, beidh mé i dteagmháil leis an Teachta. Má tá eolas breise ag an Teachta maidir leis na tograí seo, táim sásta éisteacht leis an Teachta maidir leis sin agus má tá eolas breise ar fáil ón Roinn, cuirfidh mé an eolas sin ar fáil don Teachta.
No comments