Dáil debates
Tuesday, 10 February 2015
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Seirbhísí Oileán
2:25 pm
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Chur an Teachta ceist faoi gach oileán, oileáin na Gaeltachta agus na hoileáin lasmuigh den Ghaeltacht, Inis Bó Finne, mar shampla. Mar atá a fhios aige, tá seirbhís fíor-mhaith ann. Chuaigh mé go dtí Inis Oircín, agus Oileán Thóraí i mo cheantar féin. Bhí mé lasmuigh den oileán Árann Mór. Tá na seirbhísí seo iontach tábhachtach agus tá sár-obair ar siúl.
D'ardaigh an Teachta an cheist faoi sheirbhísí farantóireachta ar Inis Bó Finne.
D'ardaigh an Teachta ceist maidir leis an aerstráiche fosta. Cuireadh tús leis an gconradh i mí Eanáir, mar a dúirt mé ag tús na díospóireachta inniu. Tá an conradh sin i bhfeidhm ón gcéad lá de mhí Eanáir an bhliain seo. Tá mé sásta leis an gconradh sin agus leis an seirbhís atá ar fáil faoin seirbhís laistis fosta. Beidh cuid mór seoladh fillte ar fáil. Beidh 14 seoladh fillte ar fáil in aghaidh na seachtaine. Tá na seirbhísí seo fíor-thábhachtach do daoine atá i mbun oibre. Aontaím leis an Teachta maidir leis an méid a dúirt sé faoi sheirbhísí dochtúra agus sláinte agus a leithéid. Tá an ceangal idir na hoileáin - pé an oileán lasmuigh de cheantar Gaeltachta nó laistigh atá i gceist - agus an mhórthír fíor-thábhachtach.
No comments