Dáil debates
Tuesday, 10 February 2015
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Seirbhísí Oileán
2:25 pm
Michael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá an tAire Stáit ag labhairt faoi chonradh mar gheall ar aerseirbhís do na hOileáin Árainn agus tá sé sin an-tábhachtach, go háirithe mar go bhfuil muintir na hoileán ag súil anois leis an samhradh agus go mbeidh turasóirí ag teacht go dtí na hoileáin. Táim ag caint freisin faoi chúrsaí oideachais agus scoláirí ag dul ar scoil, go háirithe cúrsaí gnó ar na hoileáin agus freisin córas taistil do dhaoine atá tinn nó daoine atá orthu dul go dtí na hospidéil. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil an conradh sin deimhnithe anois sna míosa agus na blianta atá amach romhainn chun seirbhís aeir agus farantóireachta a chur ar fáil?
No comments