Dáil debates

Tuesday, 10 February 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Oileán

2:25 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá sé mar pholasaí ag mo Roinn tacú le seirbhísí iompair, atá sábháilte agus rialta, do na hoileáin a bhfuil daonra buan orthu, lena n-áirítear oileáin Ghaeltachta. Tacaíonn na seirbhísí iompair seo - idir seirbhísí farantóireachta, aeir agus lastais - le forbairt inbhuanaithe na n-oileán. Maoiníonn mo Roinn seirbhísí iompair a fhreastalaíonn ar 16 oileán, lena n-áirítear oileáin Ghaeltachta, faoi 24 chomhaontú éagsúil. Chomh maith leis sin, bíonn cúnamh áirithe ar fáil ó mo Roinn, trí na húdaráis áitiúla ábhartha, d'oibreacha chun uasghrádú a dhéanamh ar infreastruchtúr rochtana ar na hoileáin féin nó ar infreastruchtúr ar an mórthír chun freastal ar na hoileáin.

Ní miste a rá go bhfuil mé sásta go mbeidh an soláthar céanna de €5.9m ar fáil do mo Roinn in 2015 le haghaidh seirbhísí iompair do na hoileáin. Chomh maith leis sin, beidh soláthar de €644,000 ar fáil do mo Roinn in 2015 le caitheamh ar chothabháil infreastruchtúir ar na hoileáin.

Maidir le hlnis Bó Finne i gContae na Gaillimhe, cuireann mo Roinn seirbhís iompair farantóireachta agus seirbhís lastais ar fáil faoi fhóirdheontais don oileán. Tháinig conradh nua farantóireachta do phaisinéirí, a mhairfidh cúig bliana, i bhfeidhm ar 1 Eanáir 2015. Faoi gconradh seo, cuirtear 14 seoladh fillte in aghaidh na seachtaine ar fáil don oileán. I gcás seirbhís lastais, cuirtear dhá sheoladh hastais ar fáil don oileán go seachtainiúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.