Dáil debates

Thursday, 17 April 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Cruthú Fostaíochta

10:00 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an ceart ag an Aire Stáit. Scrios Fianna Fáil an buiséad agus níl dabht ar bith faoi sin, ach tá an Rialtas ag glacadh leis an baton go huile agus go hiomlán agus ag déanamh an rud céanna.

An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit cé mhéad duine atá dífhostaithe sa Ghaeltacht? Cé mhéad duine atá tar éis dul ar imirce ón Ghaeltacht ó tá an tAire Stáit ina Aire Stáit? Ba cheart go mbeadh an t-eolas tábhachtach sin ar fáil dúinn go léir. Cad atá á dhéanamh ag an Rialtas maidir le rátaí gnó? Cén tionchar atá in úsáid ag an Aire Stáit ag an gCaibinéad chun rátaí gnó a ísliú nó a riar? Cad atá á dhéanamh maidir le costais breosla, costais arda atá ag cur isteach ar chomhlachtaí Gaeltachta thar timpeall na tíre? Cad atá á dhéanamh chun saol chomhlachtaí Gaeltachta a dhéanamh níos éasca.

Ba mhaith liom rud beag a rá i dtaobh na daoine atá ag teacht go Cill Dhéagláin. Is rud uafásach é gur chaill siad a bpoist i nGaoth Dobhair. Beidh na daoine seo ag teacht go Contae na Mí i gceann míosa nó dhó. An bhfuil an tAire Stáit sásta oibriú leis na daoine sin agus iad a spreagadh cur fúthu i gceachtar den dá Ghaeltacht i gContae na Mí? Nach mbeadh sé iontach dá mbeadh na teaghlaigh sin fós in ann a bheith ina gcónaí i nGaeltacht agus a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge agus beocht nua a chur sna Gaeltachtaí i gContae na Mí freisin? An mbeidh an tAire Stáit sásta obair a dhéanamh a deis sin a thapú?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.