Dáil debates

Thursday, 17 April 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Cruthú Fostaíochta

10:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom freagra a thabhairt ar sin. Uimhir a haon, d'éirigh linn an deontas caipitil, is é sin an deontas a úsáidtear chun fostaíochta a chruthú sna Gaeltachtaí, a choinneáil ag timpeall €6 mhilliún le ceithre bliana anuas. Is fíor, mar a dúirt an Teachta, gur tháinig titim mhór ar bhuiséad chaipitil Údarás na Gaeltachta. I 2008, bhí buiséad de €26 mhilliún ann. I 2009, bhí sé anuas go dtí €16 mhilliún. I 2010, bhí sé anuas go dtí €10 milliún agus i 2011, nuair a tháinig mise isteach san oifig seo, bhí sé ag €6 mhilliún agus d'éirigh linn é sin a choinneáil.

Sin ráite, caithfidh mé a rá go bhfuil mé thar a bheith sásta go bhfuil obair an-éifeachtach ar siúl ag an údarás leis na hacmhainní teoranta atá acu. Tá 616 post cruthaithe acu agus cruthaíodh níos mó post ná mar a chailleadh. Is dul chun cinn mór é sin. Rinne an Teachta tagairt don mhonarcha i mo cheantar féin - Largo Foods. Tá sé fíor go bhfuil muid ag cailleadh 140 post i gceantar Gaeltachta. Dála an scéil, tá poist á thairiscint do 70 de na daoine sin, teacht agus obair i gCill Dhéagláin i gContae na Mí. B'fhearr liom dá mbeadh na poist sin sa Ghaeltacht, ach beidh post ansin ag duine ar bith de na daoine sin atá ag iarraidh é a ghlacadh.

Tá grúpa oibre curtha ar bun ag Údarás na Gaeltachta, Enterprise Ireland, an IDA, SOLAS, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Comhairle Contae Dhún na nGall atá ar bun le coicís anois agus tá súil agam go mbeidh sé in ann díriú isteach ar an easnamh a fágadh nuair a chailleadh na poist sin i mo cheantar féin. Ar an iomlán, sílim go bhfuil an t-údarás ag déanamh a dhíchill. Blianta ó shin, bhíomar ag cailleadh níos mó post ná mar a bhíomar ag cruthú ach, ar a laghad anuraidh, chruthaíodh níos mó post ná mar a chailleadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.