Dáil debates

Thursday, 17 April 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Cruthú Fostaíochta

10:00 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá fadhbanna ollmhóra ann agus tá ganntanas post ar an talamh. Ó na figiúirí ar tugadh dúinn, níor chruthaíodh ach 96 post úr san iomlán sna Gaeltachtaí an bhliain seo caite. Tá sin dochreidte nuair a smaoiníonn muid go bhfuil muid i lár na géarchéime eacnamaíochta is measa ar feadh glúine.

Ní féidir an milleán iomlán a chur ar an údarás faoi seo. Níl an infreastruchtúr sna Gaeltachtaí, níl na bóithre ann, níl an leathanbhanda ann. Tá easpa foirgneamh ann le haghaidh comhlachtaí nua agus níl an t-airgead ann. Tá buiséad an údaráis tar éis titim 68% ó 2008 go dtí 2012 agus tá sé fós ag titim faoi cheannaireacht an Aire Stáit. Léiríonn sin an easpa airde agus tábhachta atá ag an Rialtas ar chúrsaí eacnamaíochta sa Ghaeltacht ag an bomaite seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.