Dáil debates

Thursday, 17 April 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Cruthú Fostaíochta

10:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is smaoineamh suimiúil é sin. Tá eolas agam ar na Gaeltachtaí i gContae na Mí, i mBaile Ghib agus i Rathchairn. Tá a fhios agam gur tharla seo roimhe seo, gur cailleadh poist sa tionscal seo agus gur tugadh daoine as Tír Chonaill agus gur thosaigh siad ag obair i gContae na Mí. Sílim go gcaitheann siad trí lá sa tseachtain i gContae na Mí, i gCill Dhéagláin, agus go dtéann siad abhaile an chuid eile den tseachtain. Ach nuair atá deireadh ráite, sílim gur mhaith leis na daoine seo a bheith ina gcónaí ina gceantar féin, i gceantar Ghaoth Dobhair. Nílimid ag iarraidh daoine le Gaeilge a chailliúint as an gceantar sin ach oiread.

Bíonn daoine ag taisteal i rith na seachtaine. Maireann an shift 12 uair ar feadh 3 lá agus tá na daoine ábalta dul ar ais. Tá an comhlacht ag tabhairt tacaíocht dóibh maidir le costas tacsaí agus costas eile, agus molaim an comhlacht as sin. Más rud é go bhfuil daoine a thagann aníos agus a shocraíonn cónaí go buan lena dteaghlaigh i gContae na Mí, is smaoineamh an-suimiúil é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.