Dáil debates

Thursday, 6 March 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Scéimeanna Teanga

9:40 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Aontaím leis an Aire Stáit gur mhaith an rud é go bhfuil daoine ag gearán faoin tseirbhís atá á sholáthar. Tá súil agam go n-aontóidh sé liom gur mhaith an rud é go bhfuil daoine ag máirseáil. Bhí athrú meon aige mar gheall ar sin. Ag an mórshúil i mBaile Átha Cliath cúpla seachtain ó shin, dúirt bean gur sheol sí e-mail chuig an HSE i nGaeilge, ach fuair sí freagra as Béarla. Ní dóigh liom gur cheart go dtarlódh a leithéid. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann leigheas a chur ar an scéal sin. An aontaíonn an tAire Stáit le Conradh na Gaeilge gur cheart go mbeadh sé mar chuspóir go mbeidh - faoi dheireadh na bliana 2016 - gach seirbhís Stáit ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta, agus go mbeadh na seirbhísí sin ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.