Dáil debates

Thursday, 6 March 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Scéimeanna Teanga

9:40 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba bhreá liom a rá go bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil anois do gach duine a éilíonn na seirbhísí sin, ach tá oidhreacht nó legacy i gceist anseo. Tháinig an fhadhb seo chun cinn le roinnt blianta anuas - le 40 bliain anuas, b'fhéidir. Mar a dúirt mé, tá cur chuige úr ann anois. Tá a lán talamh le déanamh suas. Ba mhaith liom go bhfaigheadh éinne a scríobhann chuig Roinn Rialtais - i nGaeilge nó i mBéarla - freagra sa teanga inar dhein siad teagmháil leis an Roinn. Caithfimid gach iarracht a dhéanamh a chinntiú gur mar sin atá. Má scríobhann duine litir trí Ghaeilge, ba cheart dó freagra a fháil i nGaeilge. Má scríobhann sé litir trí Bhéarla, ba cheart dó freagra a fháil i mBéarla. Tá sé sin ceart agus aontaím leis. Is é an sprioc agus an cuspóir atá againn ná gur mar sin ba chóir go mbeadh sé. Caithfidh sé bheith mar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.