Dáil debates
Thursday, 6 March 2014
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Scéimeanna Teanga
9:40 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá sainscrúdú nó sainaithint á dhéanamh i ngach Roinn maidir leis na háiteanna ina bhfuil gá le seirbhísí trí Ghaeilge. Tá daoine i ngach Roinn Stáit a bhfuil ardchumas Gaeilge acu, ach nach bhfuil deis acu bheith ag plé leis an bpobal. Tá an dá rud cinnte sin ar siúl. Tá cúrsaí speisialta á gcur ar fáil do dhaoine a bhfuil suim acu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Beidh siad in ann cáilíochtaí a bhaint amach dá bharr. Mar sin, aithníonn an Stát cad atá le déanamh. Don chéad uair ó tháinig mé isteach anseo - tá mé anseo níos faide ná an Teachta - tá céimeanna deimhneacha á dtógaint maidir leis na fadhbanna seo.
No comments