Dáil debates

Thursday, 6 March 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Scéimeanna Teanga

9:40 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Sílim gur rud maith é go bhfuil gearáin ag teacht isteach ón bpobal. Léiríonn sé go bhfuil éileamh i measc an phobail ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ba cheart dúinn éisteacht leis an éileamh sin agus freagra a thabhairt air. Tá iarrachtaí á ndéanamh, ar ndóigh. Táimid chun cur chuige úr a chur i bhfeidhm i bhfeachtais earcaíochta an Státseirbhís as seo amach, ionas go mbeidh céatadán áirithe d'áiteanna curtha ar fáil d'iarrthóirí le hardchumas Gaeilge. Níor tharla sé sin le 40 bliain. B'fhéidir nach bhfuil ann ach an beagán, ach is tús maith é mar aitheantas go bhfuil an t-easnamh sin ann. Chomh maith leis sin, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar gach rannóg Rialtais agus ar gach comhlacht Stáit a aimsiú cá bhfuil gá le hoifigigh le Gaeilge ar a gcumas acu chun seirbhís a sholáthar do shaoránaigh na tíre seo. Tá dhá chéim chun tosaigh tógtha. B'fhéidir nach bhfuil ann ach tosnú, ach is tosnú iontach deimhneach atá ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.