Dáil debates

Thursday, 6 March 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Scéimeanna Teanga

9:40 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ní cheapaim go dtuigeann an tAire Stáit cé chomh feargach is atá daoine i dtaobh na ceiste seo. Go simplí, tá siad ag iarraidh dul i dteagmháil leis an Stát agus a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Nuair a théann siad i dteagmháil leis an Stát, de ghnáth diúltaíonn dóibh an Ghaeilge a úsáid. Is é sin an gnáthchleachtadh atá ag daoine faoi láthair. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil 415 comhlacht fós le scéimeanna a dhaingniú. Ós rud é go bhfuil 16 scéim á dhaingniú gach bliain i láthair na huaire, tógfaidh sé 25 bliain chun na scéimeanna go léir a dhaingniú. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil sé i gceist níos mó daoine le Gaeilge a earcú sa Státchóras. Dúirt an Coimisinéir Teanga go dtógfaidh sé 28 bliain chun an sprioc a bhaint amach. Níl aon chostas ag baint leis na rudaí seo, ach tá deifir ag baint leo. Is rud uafásach práinneach é seo. De réir an taighde atá déanta, níl ach 16 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Cén fáth a bhfuil an Rialtas ag cur moill ar an bpróiseas seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.