Dáil debates

Thursday, 6 March 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Scéimeanna Teanga

9:40 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhain an cheist a chuir mé ar an Aire Stáit leis an athbhreithniú atá á dhéanamh ar úsáid na Gaeilge. Dúirt mé inné ag an gcruinniú go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ngearán ón phobal. De réir tuairisc an Choimisinéara Teanga, tá an uimhir méadaithe ó 734 sa bhliain 2011 go dtí 757 sa bhliain 2012. Tháinig formhór na gearáin ó Chontae Bhaile Átha Cliath, Contae na Gaillimhe, Contae Chiarraí, Contae Chill Chainnigh, Contae na Mí, Contae Dhún na nGall agus Contae Chorcaí. Tháinig 26% de na gearáin ón nGaeltacht. Tá cothrom na féinne agus dualgas reachtúil i gceist anseo. An féidir leis an Aire Stáit a rá liom go mbeidh an t-athbhreithniú sin á dhéanamh agus go dtiocfaidh toradh níos fearr ón obair seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.